Aċt níor ċúitiġ Heseciah a rís do réir na máiṫeasa do rinneaḋ ḋó; aċt do tógḃaḋ a ċroiḋe suas: uimesin ṫáinic dioġaltas air, agus air Iúdah agus air Ierusalem.
Agus do rinne sé fós ceannairg a naġaiḋ Nebuċadnessar, noċ do ḃean Día mar ṁionnuiḃ ḋe: aċt do ríġniḋ sesion a ṁuinéul, agus do ċruaḋuiġ sé a ċroiḋe ó iompóġ ċum an TIĠEARNA Día Israel.
Agus do ċuir Ṗárao fios amaċ, agus, féuċ, ní ḋeaċuiḋ áon aṁáin déug dáirneis Israel. Agus do crúaḋuiġeaḋ cróiḋe Ṗárao, agus níor léig don ṗobal imṫeaċd.
Tarr anúas, agus suiġ annsa luáiṫreaḋ, a ṁaiġdion inġean na Babilóine, suiġ air an ttalaṁ: ní a ccaṫaóir ríoġa, a inġean na Ccaldeánaċ: óir ní goirfiġear máoṫ agus sgíaṁaċ ḋíot ní sa ṁó.
Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé ar an ccaṫruiġsi agus air a bailtiḃ uile a nuile olc dár ḟúagair mé na haġaiḋ, do ḃríġ gur ċrúaḋuiġeadar a múinéil, ċor naċ ccluinfidís mó ḃríaṫra.
Is marso a deir an TIĠEARNA; Tuitfiḋ fos an drong ċongṁus súas an Négipt; tiucfuiḋ úaḃar a cuṁaċt a núas; tiutfid síad innte leis an ccloiḋeaṁ ó ṫor Siene, a deir an Tiġearna DIA.
Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur ṫóig tú súas ṫú féin a náirde, agus gur ċuir sé súas a ṁullaċ a measc na ngéug tiuġ, agus gur ṫóig a ċroiḋe súas ann a áirde;
Agus do ḋéana an ríġ dó réir a ṫola féin; agus áirdeoċuiḋ sé é féin, agus méideoċuiḋ sé é féin ós cionn gaċ uile ḋée, agus laiḃeoruiḋ sé neiṫe iongantaċa a naġaiḋ Dé na ndía, agus béaruiḋ sé buáiḋ nó go ccríoċnuiġṫior an nfearg: do ḃríġ gur bé an ní do cinneaḋ do ḋéantar.
Anois misi Nebuċadnessar moluim agus árduiġim agus onóruiġim Ríġ neiṁe, ar fírinne a oibreaċa uile, agus gur breiṫeaṁnus a ṡliġṫe: agus an drong ṡiuḃluiġios a núaḃar féuduiġ sé a nísliuġaḋ.
Uimesin dfás an poc roṁór: agus an tan do ḃí sé láidir, do briseaḋ a naḋarc ṁór; agus ṫáinic iona háit ceiṫre haḋarca móirṁeasta leaṫ ré ceiṫre gáoṫaiḃ neiṁe.
Ar a naḋḃarsin cred fa gcruáiḋfeaḋ siḃsi ḃur gcroiḋṫe, mar do ċruáiḋeadar na Hegiptiġ agus Ṗarao a gcroiḋṫe? a núair do oibriġ sé go hiongantaċ na measc, a né nár léigeadar don ṗobal imṫeaċd? agus dimṫiġeadar.