Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 5:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Dáiṫin Belsassar, an fad do ḃí sé ag blasaḋ a nfíona, na soiġṫiġe óir agus airgid do ṫaḃairt ċuíge noċ ṫug a aṫair Nebuċadnessar as an tteampall ó Ierusalem; ċor go nioḃaḋ an ríġ, agus a ṗriónnsaḋa, a ṁná, agus a leannáin, deoċ asda.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 5:2
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ná bíoḋ egla ort: óir go deṁin taisbeanfuiḋ misi cinéul duit ar son haṫar Ionatan, agus aiséoca mé ḋuit dúiṫċe Ṡauil haṫar uile; agus íosa tú arán ar mo ḃórdsa a ccoṁnuiġ.


Agus rug sé leis as sin ionnṁus ṫiġe an TIĠEARNA uile, agus ionnṁus ṫiġe an ríġ, agus do ġéarr sé na mbloḋuiḃ a nuile ṡoiṫeaċ óir do rinne Solaṁ ríġ Israel a tteampall an TIĠEARNA, mar a duḃairt an TIĠEARNA.


Agus rug caiptín an ġarda leis na hioġne gríosaiḋ, agus na bullaḋa, agus gaċ a ndéarnaḋ dór, an ór, agus dairgiod, an airgiod.


Agus na diáiġ sin ṫug sé Maaċah inġean Absolom; noċ rug Abiiah ḋó, agus Attaí, agus Sisa, agus Selomit.


¶ Agus mar an ccéadna Maaċah maṫair Asa an ríġ, do aṫruiġ sé í ó ḃeiṫ na bainríoġain, do ḃríġ go ndéaruuiḋ sí íoṁáiġe a ngarrán: agus do ġeárr Asa síos a híoṁáiġ, agus do ṁionḃrúiġ í, agus do loisg sé í ag sruṫ Cedron.


Agus a nuáir do caiṫeaḋ an ḃlíaḋuin, do ċuir an ríġ Nebuċadnessar teaċta uaḋ, agus rug don Ḃabilóin é, maille re soiġṫiġiḃ breáġa ṫiġe an TIĠEARNA, agus do rinne sé ríġ do Ṡedeciah a ḋearḃráṫair ós cionn Iúdah agus Ierusalem.


Agus uile ṡoiġṫiġe ṫiġe an TIĠEARNA, mór agus beag, agus ionṁus ṫiġe an TIĠEARNA, agus ionṁus an ríġ, agus a ṗrionnsaḋa; rug sé íadso uile don Ḃaḃilóin.


Agus mar an ccéadna soiṫiġe óir agus airgid ṫiġe Dé, noċ rug Nebuċadnesar as an tteampall do ḃí ann Ierusalem, agus rug íad go teampall na Baibilóine, ṫug Cirus an ríġ íad sin amaċ as teampall na Babilóine, agus tugaḋ dáon íad, dar ḃainm Sesbassar, dá ndéarna seision úaċdarán;


Agus foiġeonuid na huile ċineaḋaċa ḋó, agus da ṁac, agus do ṁac a ṁaciḃ, nó go ttí am cinnte a ṫíre: agus annsin do ḃéaraid mórán cineaḋaċ agus ríġṫe móra airsion foġnaṁ ḋóiḃ.


Atá cloiḋeaṁ ar na Caldéanaċaiḃ, a deir an TIĠEARNA, agus air áitreaḃṫaċaiḃ na Babilóine, agus air a prionnsaḋuiḃ, agus air a daóiniḃ glioca.


Agus na báisiniġe, agus na hoiġne teineaḋ, agus na bullaḋa, agus na fuirnísi, agus na coinnleóiriġ, agus na líaċa, agus na cupain; an ní do ḃí dór a nór, agus an ní do ḃí dairgiod, a nairgiod, rug caiptín an ġárda leis.


Agus ṫug an Tiġearna Iehoiacim ríġ Iudah iona láiṁ, maille le cuid do ṡoiṫiġiḃ ṫiġe Dé: noċ rug sé go tír Ṡinár go tiġ a ḋé féin; agus rug sé na soiġṫiġe go tiġ ionnṁuis a ḋé.


Atá duine ann do rioġaċd, iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa; agus a láeṫiḃ haṫar, fríṫ solus agus tuicse agus eagna ann, cosṁuil ré heagna na ndée; noċ dá ndéarna an ríġ Nebuċadnessar haṫair, an ríġ, a deirim, haṫair, maiġistir ar na draóiṫiḃ, air na hastroluiġṫiḃ, air na Caldeánaċaiḃ, agus air na faistineaċaiḃ;


Annsin rugaḋ Dániel a steaċ a laṫair an ríġ. Agus do laḃair an ríġ agus a duḃairt ré Dániel, An tusa an Dániel úd, noċ atá do ċlainn daóirsine Iúdah, noċ ṫug an ríġ mo aṫair as tír Iúduiġe?


Ṫusa a ríġ, ṫug an Día is ro áirde dot aṫair Nebuċadnessar rioġaċd, agus morḋaċd, agus glóir, agus onóir:


Aċt dárduiġis ṫú féin a naġaiḋ Ṫiġearna neiṁe; agus ṫugadar soiġṫiġe a ṫiġe ann ṫfíaġnuisi, agus diḃ tusa, agus do ṫiġearnaḋa, do ṁná, agus do leannáin, fíon asda; agus do ṁol tú na dée airgid, agus óir, práis, íaruinn, crainn, agus cloiċe, naċ ḃfaicionn, naċ ccluin, agus naċ feasaċ: agus ní ṫug tú glóir do Ḋía, a láiṁ a ḃfuil hanál, agus gur leis huile ṡliġṫe:


Annsin ṫugadar leó na soiġṫiġe óir rugaḋ as an tteampall ó ṫiġ Dé noċ do ḃí ann Ierusalem; agus diḃ an ríġ agus a ṗrionnsaḋa, a ṁná, agus a leannáin, deoċ asta.


¶ A noiḋċesin do marḃaḋ Belsassar ríġ na Ccaldeánaċ.


Diḃiodar fíon, agus do ṁoladar na dée óir, agus airgid, agus práis, agus íaruinn, agus crainn, agus cloiċe.


Do buḋ i a ofráil éanḃáisín aṁáin airgid, dar ċoṁṫrom céad agus tríoċad secel, ean ḃulla airgid do seaċdṁoġad secel, do réir secel na sanctóra; iad araon lán do ṗlúr ṁín cumaiscṫe le hola, mar ofráil ḃíḋ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ