Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 5:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Ṫusa a ríġ, ṫug an Día is ro áirde dot aṫair Nebuċadnessar rioġaċd, agus morḋaċd, agus glóir, agus onóir:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 5:18
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do laḃair sé go cinéulta ris, agus do ċuir a ċaṫaóir ríoġa ós cionn ċaṫaóireaċ ríġṫe oile do ḃí na ḟoċaír a Mbabilóin;


Oír atá an TIĠEARNA is ro áirde úaṫḃásaċ; Ríġ mór ós cíonn na talṁan uile.


Molfad an TIĠEARNA do réir a ḟíréantaċda: agus cánfad molaḋ dainm an TIĠEARNA is ro áirde.


Biaiḋ mé lúaṫġáireaċ agus gáirdeoċad ionadsa: canfad molaḋ dod ainm, ó ṫusa is ro áirde.


Aċt atá tusa, as airde go bráṫ, a ṪIĠEARNA.


Féuċ, cuirfiḋ mé uáim agus glacfa mé muinnteara an tuáiscceirt uile, a deir an TIĠEARNA; agus Nebuċadressar ríġ na Babilóine, mo ṡeirḃíseaċ, agus do ḃéara mé a naġaíḋ na tírese íad, agus a naġaíḋ a háitreaḃṫaċ, agus a naġaíḋ na ccineaḋaċ so uile timċioll fa ccuáirt, agus scriosfuiḋ mé ṫríd amaċ íad, agus do ḋéana mé úaṫḃás díoḃ, agus sgige, agus fásaċ síorruiḋe.


Do rinne mé an talaṁ, an duine agus an beaṫaċ atá air an ttalaṁ, lem ṁórċuṁaċt agus lém láiṁ sínte amaċ, agus ṫug mé é don tí do ċonncas iomċuḃaiḋ ḋaṁ.


Agus foiġeonuid na huile ċineaḋaċa ḋó, agus da ṁac, agus do ṁac a ṁaciḃ, nó go ttí am cinnte a ṫíre: agus annsin do ḃéaraid mórán cineaḋaċ agus ríġṫe móra airsion foġnaṁ ḋóiḃ.


Diompóġ ceart duine do leaṫtaoiḃ as coinne aiġṫe an tí is ro Airde,


A né naċ ttig maiṫ agus olc as béul an té is ro Airde?


Do ṡeaċuid misi uimesin é a láiṁ a naóin ċuṁaċtaiġ na ngeinteaḋ; go deiṁin do ḋéana sé ris mar do ṫuill sé: do ḋíbir mé amaċ é ar son a ċionta.


Is lé hórduġaḋ na ḃfear faire atá an ċúis si, agus an tíarratus lé bréiṫir na náon náoṁṫa: ċor go mbí a ḟios aig an mbeó go ríaġluiġionn an té is ro Airde a rioġaċt na ndaóine, agus go ttaḃair í don té is áill leis, agus go ccuirionn súas ós a cionn an té is uirísle do na daóiniḃ.


¶ Ann sin do ḃí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na ċrioṫnuġaḋ ar feaḋ uáire, agus do ḃuáiḋriodar a smuáintiġṫe é. Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt, A Ḃeltesassar, na buáiḋreaḋ a naisling, nó a cíall ṫú. Do ḟreagair Belltesassar, agus a duḃairt, A ṫiġearna, bíoḋ a naisling don druing ḟúaṫuiġios ṫú, agus a cíall dot naiṁdiḃ.


Do ṁeas mé gur maiṫ ré ṫaisbeanaḋ na coṁarṫaḋa agus na hionganta dfoillsuiġaḋ doibriġ an taird Ḋía leaṫ riemsa.


Agus díbeoruid síad ó ḋaoiniḃ ṫú, agus biáiḋ háitreaḃ a ḃfoċair ḃeaṫaċ an ṁaċaire: do ḃéuruid ort féur diṫe aṁuil daiṁ, agus raċuid seaċd naimsiora ṫort, nó go raiḃ a ḟios agad gur bé an té is ro Airde ríaġlus a rioġaċd na ndaóine, agus go ttugann í don té da ttogrann féin.


Agus a ccionn na láeṫeaḋsin misi Nebuċadnessar do ṫóig mé súas mo ṡúile ċum neiṁe, agus dfill mo ṫuigsi ċugam, agus do ḃeannuiḋ mé an té is ro Airde, agus do ṁol mé agus donóruiġios an té ṁairios go bráṫ, noċ ar tiġearnus síorruiġe a ṫiġearnus, agus agá ḃfuil a rioġaċd ó ġinealaċ go ginealaċ:


Agus do díoṫċuireaḋ é ó ṁacaiḃ na ndaóine; agus do rinneaḋ a ċroiḋe cosṁuil ris na beaṫaċaiḃ, agus do ḃí a ċoṁnuiḋe a ḃfoċair na nassal ḃfíaḋta: do ḃíaṫadar é lé féur aṁuil daiṁ, agus do ḃí a ċorp fliuċ lé drúċt neiṁe; nó gur ṫuig sé gur bé an Día is ro áirde ríaġlas a rioġaċd na ndaóine, agus go nórduiġionn sé ós a ccionn an té is áill leis.


Do ċuir mo Ḋía a aingiol, agus do ḋruid sé béil ná leoṁan, iondus nar ġortuiġeadar mé: do ḃríġ gur fríṫ neiṁċionta ionnam dá laṫair; agus fós ad ḟiaġnuisisi, a ríġ, ní ḋéarna mé urċóid ar biṫ.


Do ċunairc mé a rí a meaḋon láoi sa tsliġe solus ó neaṁ, bá mó ná soillse na gréine, noċ do ḋeallruiḋ um ṫimċeallsa agus a dtimċeall na druinge do ḃí um ḟoċair sa tsliġe.


Uime sin, a rí Agrippa, ní raiḃ mé easuṁal don táiḋḃse neaṁḋa:


Aċd fós ní a dteampluiḃ laiṁḋéanta atá an tí as Airde na ċoṁnuide; do réir mar a deir an fáiḋ,


A nuáir do rann an té is ro áirde a noiġreaċd, do na cineaḋaċaiḃ, a nuáir do ḋealuiġ sé mic Aḋaiṁ, do ṡuiġiḋ sé teóronna na ndaoine do réir uiḃre ċloinne Israel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ