Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 5:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 ¶ Annsin do ḟreagair Dániel agus a duḃairt a laṫair an ríġ, Bídís do ḃronta agad féin, agus taḃair do luáiġeaċd do neaċ oile; giḋeaḋ léiġfiodsa an scríḃinn don ríġ, agus foillseoċa mé a cíall dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 5:17
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Naċ glacfaiḋ misi ó ṡnáiṫe go héille bróige, agus naċ nglacfa mé einní is leaċdsa, deagla go naibéorṫá, do rinne mé Abram saiḋḃir:


Agus a duḃairt Elisa ré ríġ Israel, Cred atá agumsa ré ḋéanaṁ riotsa? imṫiġ go fáiġiḃ haṫar, agus go fáiġiḃ do ṁáṫar. Agus a duḃairt ríġ Israel ris, Ní heaḋ: óir do ġoir an TIĠEARNA na trí ríġṫesi a ccionn a ċéile, dá seaċad a láiṁ Ṁoab.


Aċd a duḃairt seision, Mar ṁairios án TIĠEARNA, a laṫair a ṡeasuim, ní ġlacfa mé éainní úait. Aċd do ḃí sé ḋá ṡáruġaḋ ionnus go nglacfaḋ; agus do ḋíult seision é.


Agus a duḃairt seísion rís, Naċ deaċaiḋ mo ċroiḋesi leaċd, a nuáir do ḟill an tóglaċ a rís ó na ċarbad do ṫeagṁáil duit? An am airgid do ġlacaḋ so, agus éaduiġ do ġlacaḋ, agus gáirdíniġ ola, agus fíneaṁna, agus cáoraċ, agus daṁ, agus seirḃíseaċ fear, agus ban?


Agus laiḃeorad air ṫfíaḋnuisiġiḃsi a laṫair ríoġ fós, agus ní ḃíaiḋ náire orum.


Aċt má ṫaisbeantaói a naisling, agus a cíall, do ġeaḃṫaói bronta náimsi agus luaiġeaċda agus onóir ṁór: nimesin foillsiġiḋ a naisling ḋaṁ, agus a ċíall.


Annsin dfúagair Belsassar, agus déaduiġeadar Dániel le scáirléad, agus lé slaḃraḋ óir fá na ḃráġaid, agus ṫugadar fógra ḋa ṫaóiḃ, go mbíaḋ sé na ṫreas úaċdarán san rioġaċd.


Aċd a duḃairt Peadat ris, Go dtéiġe do ċuid áirgid a múġa maille riot féin, do ḃriġ go measann tú go ḃfaġṫar tíoḋlaícaḋ Dé ar airgead.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ