Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 5:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus do ċúala mé dot ṫaoiḃsi, go ḃféudann tú cíalluġaḋ, agus fúasclaḋ ceastann: a nois má ḟéadann tú an scríḃinnsi do léaġaḋ, agus a cíall dinnisin daṁsa, éideoċar lé scáirléad ṫú, agus biáiḋ slaḃraḋ óir fád ḃráġaid, agus biáiḋ tú ad ṫreas úaċdarán annsa rioġaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 5:16
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad.


Agus a duḃairt Ṗárao re Ióseṗ, Do ċonnairc mé aisling, agus ní ḃfuil neaċ ḟéadus a heidirṁíniuġaḋ: agus do ċúala me teaċd ortsa, go ttuigeann tu aisling ċum a heidirṁíniġe.


Agus do ḃeán Ṗárao a ḟáinne dá láiṁ, agus do ċuir sé ar láiṁ Ióseṗ é, agus do ċuir sé culaiḋ ṡíoda uime, agus do ċuir slaḃra óir fa na ḃraġuid.


Annsin do rinne an ríġ duine mór do Ḋániel, agus ṫug sé iomad tioḋlaiceaḋ ḋó, agus do rinne sé úaċdarán de ós cionn uile ṗroḃinnse na Babilóine, agus úaċdarán ós cionn uile ḋaóine glioca na Babilóine.


Aċt má ṫaisbeantaói a naisling, agus a cíall, do ġeaḃṫaói bronta náimsi agus luaiġeaċda agus onóir ṁór: nimesin foillsiġiḋ a naisling ḋaṁ, agus a ċíall.


Annsin dfúagair Belsassar, agus déaduiġeadar Dániel le scáirléad, agus lé slaḃraḋ óir fá na ḃráġaid, agus ṫugadar fógra ḋa ṫaóiḃ, go mbíaḋ sé na ṫreas úaċdarán san rioġaċd.


Dfúagair an ríġ go hárd na hastroluiġṫe, na Caldéanuiġ, agus an luċt áisdine do ṫaḃairt a steaċ. Agus do laḃair an ríġ, agus a duḃairt ré daóiniḃ eagnuiġe na Babilóine, Giḋ bé ar bioṫ léiġfios an scríḃinnsi, agus ṫaisbeanfus a cíall daṁsa, éideoċar é lé scáirléad, agus do ġeaḃuiḋ sé slaḃraḋ óir timċioll a ḃráġad, agus biáiḋ sé na ṫreas úaċtarán san rioġaċt.


Agus ós a ccionn so trí húaċdaráin; (ar ḃé Dániel an ċéaidḟear ḋíoḃ:) lé ttiuḃraidís na prionnsaḋa a ccuntas dóiḃ, agus naċ bíaḋ damaiste air an ríġ.


Agus ar na ḟaicsin do Ṡíomón go raiḃ an Spiorad Náoṁ ar na ṫaḃairt tré láṁuiḃ na nabsdal do ċur orṫa, do ṫairg sé airgead dóiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ