Agus a duḃairt Ṗárao re Ióseṗ, Do ċonnairc mé aisling, agus ní ḃfuil neaċ ḟéadus a heidirṁíniuġaḋ: agus do ċúala me teaċd ortsa, go ttuigeann tu aisling ċum a heidirṁíniġe.
¶ Aċt fa ḋeireaḋ ṫáinic Dániel a steaċ dom laṫair, (dar bainm Beltesassar, do réir anma mo ḋe, agus iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa:) agus dinnis mé a naisling da laṫair, ag ráḋ,
Annsin rugaḋ Dániel a steaċ a laṫair an ríġ. Agus do laḃair an ríġ agus a duḃairt ré Dániel, An tusa an Dániel úd, noċ atá do ċlainn daóirsine Iúdah, noċ ṫug an ríġ mo aṫair as tír Iúduiġe?
Agus anois tugaḋ na daóine glioca, agus na hastroluiġṫe a steaċ dom laṫairse, iondus go leiġdis an scríḃinnsi, agus a cíall dfoillsiuġaḋ ḋaṁ: aċt níorḟéadadar cíall an neiṫe dfoillsiuġaḋ:
Anois do toġaḋ an Dánielse ós cionn na nuáċdarán agus na bprionnsaḋ, do ḃríġ go raiḃ spiorad oirḋeirc ann; agus do ḃreaṫnuiġ an ríġ a ċur ós cionn na rioġaċda uile.