Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 5:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Do ḃríġ gur fríṫ spiorad oirḋeirc, agus éolus, agus tuigsi, cialluġaḋ aislingṫeaḋ, agus taisbeanaḋ cceastanna ccruáiḋ, agus fúasclaḋ cuntaḃart annsa Dániel sin, dá ngoireaḋ an ríġ Beltesassar: a nois goirṫear Dániel, agus foillseoċuiḋ sé an ċíall.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 5:12
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ċum na náoṁ atá air talaṁ, agus ċum na noirḋearc, iona ḃfuil mo uile ṫaitneaṁ.


Is féarr an fíréun ná a ċoṁarsa: aċt mealluiḋ sliġe na ndroċḋaóine léo íad.


Caigliḋ an té agá mbí éolus a ḃríaṫra: agus bí fear na tuigsiona do spiorad ḋearscnuiġṫe.


Féuċ, is glioca ṫú ná Daniel; ní ḃfuil secréid ḟéaduid do ċeilt ort.


¶ Ar son an ċeaṫrair leanaḃ so, ṫug Día éolus agus ġocus dóiḃ annsa nuile ḟóġluim agus eagna: agus do ḃí tuigsi ag Dániel annsna huile fiosiḃ agus aislingiḃ.


Dá ttug prionnsa na ccailteanaċ anmanna: óir ṫug sé ar Ḋániel Beltesassar; agus air Hananiah, Sadráċ; agus air Ṁisael, Mesaċ; agus air Asaríah, Abednego.


Do ḟreagair an ríġ agus a duḃairt ré Dániel, dar ḃainm Beltesassar, An ḃféadann tusa a naisling noċ do ċónnairc mé, agus a cíall dfoillsiuġaḋ ḋaṁsa?


¶ Ann sin do ḃí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na ċrioṫnuġaḋ ar feaḋ uáire, agus do ḃuáiḋriodar a smuáintiġṫe é. Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt, A Ḃeltesassar, na buáiḋreaḋ a naisling, nó a cíall ṫú. Do ḟreagair Belltesassar, agus a duḃairt, A ṫiġearna, bíoḋ a naisling don druing ḟúaṫuiġios ṫú, agus a cíall dot naiṁdiḃ.


¶ Aċt fa ḋeireaḋ ṫáinic Dániel a steaċ dom laṫair, (dar bainm Beltesassar, do réir anma mo ḋe, agus iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa:) agus dinnis mé a naisling da laṫair, ag ráḋ,


Do ċúalaiḋ misi iomráḋ dot ṫaóiḃ, go ḃfuil spiorad na ndée ionnad, agus gur fríṫ solus agus tuicsi agus eagna oirḋeirc ionnad.


Agus do ċúala mé dot ṫaoiḃsi, go ḃféudann tú cíalluġaḋ, agus fúasclaḋ ceastann: a nois má ḟéadann tú an scríḃinnsi do léaġaḋ, agus a cíall dinnisin daṁsa, éideoċar lé scáirléad ṫú, agus biáiḋ slaḃraḋ óir fád ḃráġaid, agus biáiḋ tú ad ṫreas úaċdarán annsa rioġaċt.


Anois do toġaḋ an Dánielse ós cionn na nuáċdarán agus na bprionnsaḋ, do ḃríġ go raiḃ spiorad oirḋeirc ann; agus do ḃreaṫnuiġ an ríġ a ċur ós cionn na rioġaċda uile.


¶ Annsin do smúaineadar na húaċdaráin, agus na prionnsaḋa cúis dfaġáil a naġaiḋ Ḋániel a ttaoḃ na rioġaċda; aċd níor ḟéadadar cúis ar bioṫ nó loċd dfáġail ann; do ḃríġ go raiḃ sé fírinneaċ, ní mó fríṫ earráid ná loċd ann.


A ní ċum a ḃfuilimse ag déunaṁ díṫċill, ar mbeiṫ ḋaṁ ag sbáirn do réir mar oibriġeas a oibriuġaḋsan ionnam go cuṁaċdaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ