Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 5:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Atá duine ann do rioġaċd, iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa; agus a láeṫiḃ haṫar, fríṫ solus agus tuicse agus eagna ann, cosṁuil ré heagna na ndée; noċ dá ndéarna an ríġ Nebuċadnessar haṫair, an ríġ, a deirim, haṫair, maiġistir ar na draóiṫiḃ, air na hastroluiġṫiḃ, air na Caldeánaċaiḃ, agus air na faistineaċaiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 5:11
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Ṗárao re na ṁuinntir, An féidir ḋúinn duine ann a ḃfuil spiórad Dé mar é so dfaġáil?


Ann sin a duḃairt do ḃanóglaċ, Biáiḋ anois focal mo ṫiġearna an ríġ caḃarṫaċ: óir aṁuil aingeal Dé, is marsin atá mo ṫiġearna an ríġ do ṫuigsin uilc agus maiṫeasa: uimesin biáiḋ do ṪIĠEARNA Día maille ríot.


Féuċ, is glioca ṫú ná Daniel; ní ḃfuil secréid ḟéaduid do ċeilt ort.


Led ġliocus agus led ṫuicsin fuáir tú do ṡaiḋḃrios, agus fuáir tú ór agus airgiod ann hionnṁusaiḃ:


Clann ann naċ raiḃ aineaṁ ar bioṫ, aċt íad sgíaṁaċ, agus glic ann sa nuile eagna, agus géarċúiseaċ san nuile éolus, agus ealaḋuin ṫuigsionuiġ, agus drong agá raiḃ cumas ionta ċum seasta a bpálás an riġ, agus da múinfedís foġluim agus teanga na Ccaldeánaċ.


Agus is ní annaṁ íarrus an ríġ, agus ní ḃfuil áon ar bioṫ oile ḟéadas a ḟoillsiuġaḋ a laṫair an ríġ, aċt na deé, noċ naċ déan a ccoṁnuiḋe a ḃfeóil.


Foillsiġiḋ sé na neiṫe doiṁno agus seicréideaċa: atá fios an ní ḃios san dorċadus aige, agus coṁnuiġiḋ an solus iona ḟeċair.


Do ċonnairc misi Nebuċadnessar ríġ a naislingse. Anois ṫusa, a Ḃeltesassar, foillsiġ a cíall, mar naċ ḃfeaduid uile ḋaóine glioca mo rioġaċda a cíall dfoillsiuġaḋ: aċt féaduiġ tusa é; óir atá spiorad na ndée náoṁṫa ionnad.


Do ċonnairc mé aisling do ċuir eagla orum, agus do ḃúaiḋir smuáintiġṫe air mo leabuiḋ mé agus fise mo ċinn.


Uimesin do rinne mé órduġaḋ daóine glioca na Babilóine uile do ṫaḃairt a steaċ dom laṫair, ċor go ttiuḃraidís ḋaṁ fios céille na haislinge.


Do ċúalaiḋ misi iomráḋ dot ṫaóiḃ, go ḃfuil spiorad na ndée ionnad, agus gur fríṫ solus agus tuicsi agus eagna oirḋeirc ionnad.


Dfúagair an ríġ go hárd na hastroluiġṫe, na Caldéanuiġ, agus an luċt áisdine do ṫaḃairt a steaċ. Agus do laḃair an ríġ, agus a duḃairt ré daóiniḃ eagnuiġe na Babilóine, Giḋ bé ar bioṫ léiġfios an scríḃinnsi, agus ṫaisbeanfus a cíall daṁsa, éideoċar é lé scáirléad, agus do ġeaḃuiḋ sé slaḃraḋ óir timċioll a ḃráġad, agus biáiḋ sé na ṫreas úaċtarán san rioġaċt.


Agus do ġáireadar an pobal, Gúṫ Dé so, agus ní gúṫ duine.


Agus ar ḃfaicsin a neiṫe do rinne Pól don ṗóbal, do árdaiġeadar a ngúṫ, ag ráḋ a dteangaiḋ na Licaónia, Tangadar dée a núas ċugainn a gcosaṁlaċd dáoine.


Agus tárla, ag dul ḋúinn do ḋéunaṁ urnaiġe, go dtárla cailín áiriġe oruinn agá raiḃ spiorad faisdine, fuair fáḃaltus mór dá tiġearnuiḃ féin lé fáisdine do ḋéunaṁ:


Féuċ, do ḃéura mé air an druing do ṡínagóig Ṡátain, noċ a deir gur Iúdaiġeaḋ íad féin, agus naċ eaḋ, aċd do níd bréug; féuċ, do ḃéura mé orṫa teaċd agus sléuċduin do ḋéunaṁ agad ċosuiḃse, agus biaiḋ a ḟios aca go dtug mise gráḋ ḋuit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ