8 ¶ Aċt fa ḋeireaḋ ṫáinic Dániel a steaċ dom laṫair, (dar bainm Beltesassar, do réir anma mo ḋe, agus iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa:) agus dinnis mé a naisling da laṫair, ag ráḋ,
Claonuiḋ Bel síos, cromaiḋ Nebo, do ḃádar a nioḋala ar a mbeaṫaċaiḃ, agus ar a náirnéis: do ḃádar úaluiḋe troma ar ḃur ccaráiste; is muiriġin íad don ḃeaṫaċ ċoirṫe.
Annsin do ċuiṁniġ sé na sean láeṫe, Maóise, agus a ṗobal, ġá raḋ, Cáit a ḃfuil an té ṫug as an ḃfairge íad maille re príoṁ aoḋuire a ṫréada? cáit a ḃfuil an té do ċuir Spiorad a náoṁṫaċda ann a lár?
Foillsiġiḋsi a measc na ngeinteaḋ, agus fúagruiḋ, agus cuiriḋ brataċ súas; fúagruiḋ, agus ná ceiliḋ: abruiḋ, Do gaḃaḋ an Ḃabilóin, do claóiḋeaḋ Bel, do briseáḋ Merodaċ na bloḋuiḃ; do milleaḋ a hioḋuil, do briseaḋ a hioṁáiġe na mbloḋuiḃ.
Plainndeoċa mé í a slíaḃ áirde Israel: agus ginfe sí géuga, agus do ḃéara sí toraḋ, agus biáiḋ na cédar ḃreáḋa: agus áitreoḃuiḋ na huile éunlaiṫ gaċ sciaṫáin faói; áitreoċuid síad air scáṫ a géug.
Dá ttug prionnsa na ccailteanaċ anmanna: óir ṫug sé ar Ḋániel Beltesassar; agus air Hananiah, Sadráċ; agus air Ṁisael, Mesaċ; agus air Asaríah, Abednego.
Do laḃair Nebuċadnessar, agus a duḃairt se riú, An fíor, a Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, naċ ḃfoġantaoi dom ḋéiḃsi, agus naċ aḋarṫaoi a níoṁáiġ órḋa ċuir mé suas?
Do ċonnairc misi Nebuċadnessar ríġ a naislingse. Anois ṫusa, a Ḃeltesassar, foillsiġ a cíall, mar naċ ḃfeaduid uile ḋaóine glioca mo rioġaċda a cíall dfoillsiuġaḋ: aċt féaduiġ tusa é; óir atá spiorad na ndée náoṁṫa ionnad.
O a Ḃeltesassar a ṁaiġistir na ndrúaġ, do ḃríġ go ḃfuil a ḟios agam spiorad na ndée náoṁṫa do ḃeiṫ ionnad, agus naċ buáiḋreann secréid ar bioṫ ṫú, innis daṁsa fise maislinge do ċonnairc mé, agus a cíall.