Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 4:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Uimesin do rinne mé órduġaḋ daóine glioca na Babilóine uile do ṫaḃairt a steaċ dom laṫair, ċor go ttiuḃraidís ḋaṁ fios céille na haislinge.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 4:6
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin do ġoir Ṗárao mar an gcéadna na dáoine glíoca, agus na bpiséogáiḃ: a nois dráoiṫe na Hégipte, do rinneadursan fós ar an moḋ céadna le na ndroiġeaċduiḃ.


Agus a núair a déaruid síad riḃsi, Iarruiḋ ar an ṁuinntir agá mbíd spioruid ṁuinntearḋa, agus ar ḟáistineaċaiḃ ṗiobas, agus ċannranus: naċ ar ċóir do ḋaóiniḃ íarruiḋ ar a Ndía féin? na mairḃ ar son na mbéo?


¶ Ar son an ċeaṫrair leanaḃ so, ṫug Día éolus agus ġocus dóiḃ annsa nuile ḟóġluim agus eagna: agus do ḃí tuigsi ag Dániel annsna huile fiosiḃ agus aislingiḃ.


Ann sin dfúagir an ríġ na draóiṫe do ġairm, agus na hastroluiġṫe, agus na fáistiniġ, agus na Caldeánuiġ, ċum a aislingeaḋ do ṫaisbeanaḋ don ríġ. Annsin ṫangadar agus do ṡeasadar a bfiaġnuisi an ríġ.


Annsin do rinne an ríġ duine mór do Ḋániel, agus ṫug sé iomad tioḋlaiceaḋ ḋó, agus do rinne sé úaċdarán de ós cionn uile ṗroḃinnse na Babilóine, agus úaċdarán ós cionn uile ḋaóine glioca na Babilóine.


Ṫairis sin fagḃuiḋ bun a ḟréiṁe annsa talaṁ, eaḋon lé cuiḃreaċ íaruinn agus práis, a ḃféur mín an ṁaġa; agus fliuċṫar é lé drúċt neiṁe, agus bíoḋ a ċuid ronna maille ris na beaṫuiġiḃ a ḃféur na talṁan.


Atá duine ann do rioġaċd, iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa; agus a láeṫiḃ haṫar, fríṫ solus agus tuicse agus eagna ann, cosṁuil ré heagna na ndée; noċ dá ndéarna an ríġ Nebuċadnessar haṫair, an ríġ, a deirim, haṫair, maiġistir ar na draóiṫiḃ, air na hastroluiġṫiḃ, air na Caldeánaċaiḃ, agus air na faistineaċaiḃ;


Dfúagair an ríġ go hárd na hastroluiġṫe, na Caldéanuiġ, agus an luċt áisdine do ṫaḃairt a steaċ. Agus do laḃair an ríġ, agus a duḃairt ré daóiniḃ eagnuiġe na Babilóine, Giḋ bé ar bioṫ léiġfios an scríḃinnsi, agus ṫaisbeanfus a cíall daṁsa, éideoċar é lé scáirléad, agus do ġeaḃuiḋ sé slaḃraḋ óir timċioll a ḃráġad, agus biáiḋ sé na ṫreas úaċtarán san rioġaċt.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ