Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 4:35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus meastar uile áitreaḃṫuiġ na talṁan aṁuil neiṁní: agus do ní seision do réir a ṫola féin ar ṡlúaġ neiṁe, agus a measc áitreaḃṫaċ na talṁan: agus ní ḟéadann duine ar bioṫ a láṁ do ċosg, nó a ráḋ ris, Cred do ní tú?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 4:35
41 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt atá seision déain inntinn, agus cía ḟéudas a ḟilleaḋ? agus gíḋ bé ar biṫ is toil le na anam, sé siu féin do ní sé.


A nuáir do ḃeir sé suáiṁnios úaḋ, cía ḟéadas annsin buaiḋreaḋ do ḋéanaṁ? a núair ḟolċus sé a aġaiḋ, annsin cía ḟéadas aṁarc air? más a naġaiḋ ciniḋ é, nó a naġaiḋ éanduine aṁáin:


An tteagoscuiḋ an té do ní imreas ris a Nuileċuṁaċdaċ? an té iomaiṫḃearas Día, ḟreagraḋ sé féin ar a ṡon.


Atá a ḟios agam go ḃféadann tusa gaċ aóinni do ḋéanaṁ, agus naċ éidir áonsmuáineaḋ do ċongṁail uáit.


Is glic é a ccroiḋe, agus is cuṁaċtaċ a neart: cía ċrúaḋuiḋ é féin na aġaiḋ, agus rug buáiḋ?


Aċt atá ar Ndíane annsna neaṁuiḃ: a nuile ní dob áill leis do rinne sé.


Do rinne an TIĠEARNA, gaċ ní do ṫoguir féin air neaṁ, agus air talaṁ, annsna fairgeaḋuiḃ, agus annsna huile aigéanuiḃ.


Dearcaiḋ sé ó a ionad cóṁnuiġ air áitreaḃaiḃ na talṁan uile.


Féuċ, do rinne tú mo láeṫe do leiṫead baise; agus atá maóis mar neiṁní ad laṫairsi: go deiṁin is díoṁaóineas go léir a nuile ḋuine ḋá ḟeaḃus da mbí a staid. Selah.


Cluiniḋe so, a ḋaoine uile; éisdiġe siḃsi, a uile áitreaḃṫaċa an doṁuin:


Ní ḃfuil eagna ná tuigsi ná coṁairle a naġaiḋ an TIĠEARNA.


Mar a mbí focal an ríġ, bí cuṁaċt: agus cía ḟéadas a ráḋ ris, Cred é sin do ní tú?


Agus biáiḋ tír Iúdah na húaṫḃás don Négipt, gaċ aon da ttig ṫairis sin biáiḋ sé eaglaċ ann féin, do ḃríġ ċoṁairle TIĠEARNA na slóġ, noċ do ċoṁairliġ sé na haḋuiġ.


Lé manam díarr mé ṫú san noiḋċe; fos, lé mo spioraid a stiġ ionnam íarrfas mé ṫú go moċ: óir a nuáir ḃéid do ḃreaṫeaṁnuis annsa talaṁ, foġlaimfid áitreaḃuiġ na talṁan fíreantaċd.


Fós, suil do ḃí an ló ann is misi an té sin; agus ní ḃfuil aoinneaċ ḟéadas sáḃáil óm láiṁ: oibreoċa mé, agus cía ḃacfas é.


Sáoruiḋ sé agus tárṫuiġiḋ sé, agus oibriġiḋ sé coṁarṫaḋa agus ionganta a ḃflaiṫeaṁnus agus annsa talaṁ, noċ do ṡáor Dániel ó ċuṁaċd na leoṁan.


Uimesin déiġeadar air an TTIĠEARNA, agus a duḃradar, Iarrmaoid daṫċuinge ort, A ṪIĠEARNA, íarrmaoid ort, ná scriostar sinn ar son ḃeaṫa an té so, agus ná léig fuil neiṁċiontaċ oruinne: óir do rinne tusa, a ṪIĠEARNA, aṁuil fa toil leat féin.


Uime sin má ṫug Día ḋóiḃsion an tioḋlacaḋ céudna ṫug sé ḋúinne, an tan do ċreideamar sa Ttiġearna Iósa Críosd; cía hé misi, do ḟéudfaḋ toirmeasg do ċur ar Ḋía?


Do ḋéanaṁ gaċ neiṫe dár réuṁórdaiġ do láṁsa agus do ċoṁairle a ḋéanaṁ.


Aċd mas ó Ḋía ṫig sé, ní héidir liḃ a ċur a neimbríġ; air eagla go ḃfuiġṫí ag troid a naġaiḋ Dé siḃ.


Agus a duḃairt seision, Cía ṫu féin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt an Tiġearna, As mé Iósa ar a ḃfuil tusa ag gérleanṁuin: is crúaiḋ ḋuit ḃeiṫ ag gaḃáil dod ṡálaiḃ a naġaiḋ na ndeilg.


An ḃfuilmíd ag brosduġaḋ an Tiġearna ċum feirge? an treisi linne na leision?


Oír cía daiṫin inntinn an Tiġearna, noċ dó ḃeuraḋ teagusg ḋó? Aċd atá inntinn Ċríosd aguinne.


Ann a ḃfuilmidne toġṫa, air ar réiṁċinneaḋ réir órduiġṫe an tí oibriġeas na huile neiṫer réir ċoṁairle a ṫola féin, noċ ann ata fós oiriġeaċd aguin:


Agus do hinnseaḋ do ríġ Ieriċo ḋá ráḋ, Feaċ, tangadar daoine anoċd asteaċ annso ó ċlainn Israel do ḃraṫ na tíre.


Agus dínnis Samuel dó gaċ uile ní, agus níor ċeil éinní air. Agus a duḃairt seision, Sé an TIĠEARNA é: déanaḋ sé an ní is áill leis feín.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ