Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 4:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus a ccionn na láeṫeaḋsin misi Nebuċadnessar do ṫóig mé súas mo ṡúile ċum neiṁe, agus dfill mo ṫuigsi ċugam, agus do ḃeannuiḋ mé an té is ro Airde, agus do ṁol mé agus donóruiġios an té ṁairios go bráṫ, noċ ar tiġearnus síorruiġe a ṫiġearnus, agus agá ḃfuil a rioġaċd ó ġinealaċ go ginealaċ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 4:34
57 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá sliġe Dé iomlán; do dearḃaḋ bríaṫar an TIĠEARNA: atá sé na scéiṫ ag gaċ áon dá gcuirionn a ḋóiġ ann.


¶ Uimesin do ḃeannuiġ Dáiḃi an TIĠEARNA a laṫair an ċoṁċruinniġ uile: agus a duḃairt Dáiḃi, Go maḋ beannu ġ ṫú, a ṪIĠEARNA Día Israel ar naṫar, go sáoġal na sáoġal.


Anois ar a naḋḃarsin, ar Ndía, ḃeirmid buiḋeaċus riot, agus molmaoid háinm glórṁar.


Agus a duḃairt, Tárnoċd ṫáinic mé amaċ as broinn mo ṁáṫar, agus tárrnoċd ḟillfios mé ann a rís: sé an TIĠEARNA ṫug úaḋ, agus sé an TIĠEARNA rug leis; go maḋ beannuiġ ainm an TIĠEARNA.


Is Ríġ an TIĠEARNA go saoġal na saoġal: do cuireaḋ na geinte seaċad amaċ as a ṫalaṁ.


A dúḃairt mé, O mo Ḋía, na beir as mé a meaḋonn mo laéṫe: tré ġinealaċ na nginealaċ atáid do ḃlíaḋnasa.


O go molaidis an TIĠEARNA air son a ṫrócaire, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndáoine!


Agus íoḋbraidís íoḋbarṫa molta, agus foillsiġidis a oibreaċa lé lúaṫġáire.


Adṁuiġdís don TIĠEARNA a oineaċ, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndaóine!


Adṁuiġdís don TIĠEARNA a ṫrócaire, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndáoine!


Fírinne agus breiṫeaṁnus a síad oibreaċa a láṁ; atáid a aiṫeanta uile coinġiollaċ.


Toigfiod súas mo ṡuile ċum na ccnoc, as a ttiocfa mo ċaḃair.


Ċugadsa tógḃuim súas mo ṡúile, ó ṫusa noċ áitreaḃus annsna neaṁuiḃ.


Is rioġaċt síorruiġ do rioġaċtasa, agus do ċuṁaċda tre nuile ġinealaċ.


Biáiḋ an TIĠEARNA a rioġaċt go síorruiḋe, do Ḋíase, a Ṡíon, ó ġinealaċ go ginealaċ. Moluiḋsi an TIĠEARNA.


Ióḋbair molaḋ do Ḋía; agus díol do ṁóide ris an té is ró áirde:


Riaġluiḋ sé re na neart go bráṫ; do ċíd a ṡúile na cineaḋaċa: ní áirdeoċ-ċuid na heasáontuiġ íad féin. Selah.


Molfad an TIĠEARNA do réir a ḟíréantaċda: agus cánfad molaḋ dainm an TIĠEARNA is ro áirde.


Biaiḋ mé lúaṫġáireaċ agus gáirdeoċad ionadsa: canfad molaḋ dod ainm, ó ṫusa is ro áirde.


Is maiṫ adṁáil do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, agus sailm do ċanaḋ dot ainm, ó ṫusa is ro áirde:


Agus smaiċdeoċa mé an sáoġal ar son a nuilc, agus na ciontuiġ ar son a négceirt; agus do ḃéara mé ar ḋíomus na nuáiḃreaċ scur, agus leagfa mé go hísiol áirdinntinn na núaṫḃásaċ.


Uiṁleoċṫar féaċuin árd an duine, agus cromfuiġear síos uáill na ndaoine: agus sé an TIĠEARNA aṁáin áirdeoċar an lá sin.


Uimesin tugaiḋsi glóir don TIĠEARNA annsna gleanntaiḃ: eaḋon dainm an TIĠEARNA Día Israel a noiléanuiḃ na fairge.


Aċt isé an TIĠEARNA an Día fíre, isé an Día biṫḃéo, agus an ríġ siorruiḋe é: crioṫnoċuiḋ sé an talaṁ re na ḟeirg, agus ní ḟéadfuid na geinte a a ṁíċéadfa dfúlang.


A né naċ ttig maiṫ agus olc as béul an té is ro Airde?


Agus do ċúala misi an fear ar na éaduġaḋ le lion, noċ do ḃí air uisgeaḋuiḃ na haḃann, a núair do ċonnaiṁ sé suas a láṁ dbeas agus a láṁ ċlé go neaṁ, agus ṫug a ṁionna san té ṁairios go bráṫ go mbiáiḋ sé go haimsir, go haimsearuiḃ, agus go leaṫ aimsire; agus a nuáir ċríoċnoċus sé scaóileaḋ cuṁaċt na náoṁ, go ccríoċnoċar na neiṫesi uile?


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


Do ṁeas mé gur maiṫ ré ṫaisbeanaḋ na coṁarṫaḋa agus na hionganta dfoillsuiġaḋ doibriġ an taird Ḋía leaṫ riemsa.


Agus an tionad ar áiṫniġiodar bun ḟréaṁ an ċrainn dfágḃáil; biáiḋ do rioġaċd daingion agadsa, tar éis ṫú ḋá aiṫniuġaḋ go riaġluid na neaṁa.


Cread méad a ċoṁarṫaḋa! agus créad cuṁaċduiġ a iongantaḋ! is rioġaċt ṡíorruiḋe a rioġaċt, agus atá a ṫiġearnus ó ġinealaċ go ginealaċ.


Agus díbeoruid síad ó ḋaoiniḃ ṫú, agus biáiḋ háitreaḃ a ḃfoċair ḃeaṫaċ an ṁaċaire: do ḃéuruid ort féur diṫe aṁuil daiṁ, agus raċuid seaċd naimsiora ṫort, nó go raiḃ a ḟios agad gur bé an té is ro Airde ríaġlus a rioġaċd na ndaóine, agus go ttugann í don té da ttogrann féin.


Annsa namsin féin dfill mo ċíall ċugam; agus air son ġlóire mo rioġaċda, dfill monóir agus mo ḋéalraḋ ċugam; agus díarradar mo ċoṁairliġ agus mo ṫiġearnaḋa mé; agus do ḋaingniġeaḋ ann mo rioġaċd mé, agus tugaḋ tuilleaṁ mórḋaċd oirḋearca ḋaṁ.


Ṫusa a ríġ, ṫug an Día is ro áirde dot aṫair Nebuċadnessar rioġaċd, agus morḋaċd, agus glóir, agus onóir:


Agus do díoṫċuireaḋ é ó ṁacaiḃ na ndaóine; agus do rinneaḋ a ċroiḋe cosṁuil ris na beaṫaċaiḃ, agus do ḃí a ċoṁnuiḋe a ḃfoċair na nassal ḃfíaḋta: do ḃíaṫadar é lé féur aṁuil daiṁ, agus do ḃí a ċorp fliuċ lé drúċt neiṁe; nó gur ṫuig sé gur bé an Día is ro áirde ríaġlas a rioġaċd na ndaóine, agus go nórduiġionn sé ós a ccionn an té is áill leis.


Do nímsi órduġaḋ, An gaċ uile ṫiġearnas dom rioġaċd go mbiáiḋ crioṫ, agus uáṁan air a nuile roiṁe Día Ḋániel: óir isé an Día béo é, agus daingion go bráṫ, agus isí a rioġaċt naċ sgriosfuiġear ċoiḋċe, agus biáiḋ a ṫiġearnas go deireaḋ.


Agus tugaḋ tiġearnas, agus glóir ḋó, agus rioġaċt, ċor go ḃfoġnaḋ a nuile ṗobal, cineaḋ, agus teángṫa ḋó: is tiġearnas síorruiḋe a ṫiġearnas, naċ niomeoċaiḋ ṫort, agus sí a rioġaċt naċ díoġḃáiġfiġear.


Agus béarṫar an rioġaċd agus an tiġearnas, agus mórḋaċd na rioġaċda faói neaṁ go hiomlán, do ṁuinntir náoṁ an té is ró Aírde, noċ ar rioġaċd síorruiḋe a rioġaċt, agus fóiġeonuid agus uiṁleoċuid a nuile ṫiġearnas dó.


Uimesin do ḟorḟairiġ an TIĠEARNA ar a nolc, agus ṫug sé oruinne é: óir atá an TTIĠEARNA ar Ndía fíréanta ann uile oibreaċuiḃ do ní sé: óir níor uṁluiġeamairne dá ġúṫ.


Uimesin déiġeadar air an TTIĠEARNA, agus a duḃradar, Iarrmaoid daṫċuinge ort, A ṪIĠEARNA, íarrmaoid ort, ná scriostar sinn ar son ḃeaṫa an té so, agus ná léig fuil neiṁċiontaċ oruinne: óir do rinne tusa, a ṪIĠEARNA, aṁuil fa toil leat féin.


Agus do ḋéana mé íarsma don ṁnaói do ḃí bacaċ, agus cineaḋ láidir ḋise do teilgeaḋ a ḃfad: agus ríaġloċṫaiġ an TIĠEARNA ós a ccionn a ṡaḃ Sion ó so amaċ go bráċ, agus ċoiḋċe.


Agus bíaiḋ sé na riġ ar ṫiġ Iácob go bráṫ; agus ní ḃía deireaḋ ar a ríoġaċd.


Agus ar seasaṁ don ṗuíbliocán, a ḃfád úaḋ, nior ḃáill leis fiú a ṡúl do ṫoġáil suás ċum neiṁe, aċd do ḃuaileaḋ sé a uċd, ag ráḋ, A Ḋía déana trócaire oramsa an peaċṫaċt.


Oír mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin; is mar sin tug sé don Ṁac fos beaṫa do ḃeiṫ aige ann féin;


Seision an Ċarruicc, atáid a oibreaċa iomlan: óir is breiṫeaṁnus a ṡliġṫe uile: Día na fírinne agus gan égceart, ceart agus díreaċ atá sé.


Uime sin don Rí ṡíorruiḋe, ṁarrṫannaċ, ḋoḟaicsiġ, don Día atá na áonar éagnuiḋe, go raiḃ onóir agus glóir go sáoġal na sáoġal. Amén.


Agá ḃfuil an neaṁmarḃṫaċd na áonar féidir dáonneaċ a roċduin; náċ ḃfácuiḋ duine ríaṁ, agus naċ ḃféudann ḟaicsin: onóir agus cúṁaċd síorruiḋe ḋó. Amen.


Agus tug sé an tí ṁaireas go sáoġal na sáoġal, noċ do ċrúṫuiġ neaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus an talaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus a nfairrge, agus na neiṫe atá innte, mar ṁionnuiḃ, naċ bíaḋ aimsir ann feasda:


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Do léigeadar an ceaṫrar air ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise an té do ṡuiġ sa gcaṫaóir, agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal, agus do ṫeilgeadar a gcorónaċa a ḃfíaḋnuise na caṫáoire, ag ráḋ,


An tan ṫugadar na beaṫuiḋ sin glóir onóir agus buiḋeaċas don té ḃí na ṡuiḋe sa gcaṫáoir, noċ a ṁaireas go sáoġal na sáoġal,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ