Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Ní ḃía mo spiorad a ccoṁnuiḋe ag crionċán ris an nduine, do ḃríġ gur féoil eision mar an ccéudna: giḋeaḋ béid a láeṫe na ccéud agus fiċṫe blíaġan.
Dfúagair seision go hárd, agus a duḃairt marso, Gearruiḋ síos an crann, agus gearruiḋ a ḃeangáin de, croiṫiḋ a ḋuille ḋe, agus díoscaóiliḋ a ṫoraḋ: imṫiġdis na beaṫuiġe ó ḃeiṫ faói, agus a néunlaiṫ ó na ḃeangánuiḃ.
Noċ do ḃí easúmal a nallód, an tan do ḟan foiġid ḟada Dé a láeṫiḃ Náoi, an feaḋ do ḃí a náire ḋá hullṁúġaḋ, ionnar cáoṁnaḋ beagán, eaḋon, oċd bpearsanna tré uisge.