Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 4:27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Ar a naḋḃarsin, a ríġ, gaḃ mo ċoṁairlesi, agus bris díot do ṗeacuiḋe lé fíréuntas, agus héigceart lé foillsiuġaḋ trócaire do na boċdaiḃ; más faduġaḋ ar do ṡíoṫċáin é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 4:27
44 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃradar, Gluáisiḋ, déunam caṫair ḋuinn féin, agus tor a roiṫeaċuiḋ a ḃárr go neaṁ; agus déunam ainm ḋuinn féin, deagla go spréiġfiġ sinn ar feaḋ na talṁan go huiliḋe.


An ḃfaiceann tú mar uṁluiġios Ahab é féin am ḟiaḋnuisi? do ċionn gur uṁluiḋ sé é feín am laṫair, ní ṫiuḃra mé an tinneaċaḋ na láeṫiḃsion: aċt a láeṫiḃ a ṁic do ḃeara mé an tinneaċaḋ ar a ṫiġ.


Agus laiḃeorad air ṫfíaḋnuisiġiḃsi a laṫair ríoġ fós, agus ní ḃíaiḋ náire orum.


A nuáir ṫig an túaḃar, annsin ṫig náire: aċd bí eagna ag na daóiniḃ úṁla.


Le trócaire agus lé fírinne leasuiġṫear a néagcóir: agus lé heagla an TIĠEARNA seaċnuid daóine an tolc.


Giḋ bé ċeilios a ṗeacuiġe ní ḃía biseaċ air: aċt giḋ bé adṁas agus ṫréigios íad do ġeaḃa sé trócaire.


Oir a déara sé, Lé neart mo láṁ do rinne mé é, agus lé mo ġliocus; óir atáim glic: agus dáṫruiġ mé téora na ndaoine, agus do ṡlad mé a nionnṁus, agus dol ċuir mé síos na dúṫċusaiġ aṁuil duine cróḋa.


Oír do ċuir tú do ḋóiġ ann holc: a dúḃrais, Ní ḟaicean aóinneaċ mé. Do ṁill do ġliocus, agus héolus ṫú; agus a dúḃairt tú ann do ċróiḋe, Atáimsi, agus ní ḃfuil aoineaċ táoḃ amuiġ ḋíom.


Uimesin cluin so anois, ṫusa atá taḃarṫa daóiḃneas, ċoṁnuiġios a ndóṫċus, a deir ann do ċroiḋe, Atáimse, agus ní ḃfuil áon táoḃ amuiġ ḋíom; ní ṡuiḋfiḋ mé aṁuil baintreaḃaċ, ní mó ḃías fios ċaillte cloinne agam:


Agus íarruiḋ síoṫċáin na caiṫreaċ ċum a ttug misi fa deara ḃur mbreiṫ a láiṁ, agus guiḋiġ ċum an TIĠEARNA ar a son: óir iona síoṫċáinsion do ġeaḃṫáoisi síoṫċáin.


Aċt a dúḃairt Ieremiah, Ní ṡeaċóduid síad ṫú. Uṁluiġ, íarruim daṫċuinge órt, do ġúṫ an TIĠEARNA noċ laḃruimsi riot: mairsin ḃías sé go maiṫ agadsa, agus mairfiḋ hanam.


Agus nar ċoiṁéigniḋ duine ar biṫ, aċt daisig don ḟeiċṫeaṁnaċ a ġeall, nar ċreaċ áonduine lé foiréigion, ṫug arán do nocraċ, agus dfoluiġ an tárnoċt lé héaḋaċ;


Laḃair, agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, atáimsi ad aġaiḋ, a Ṗarao a ríġ na Hégipte, an dragún mór luiġios a lár a aiḃneaḋ, noċ a duḃairt, Is liom féin mo ṡruṫ, agus do rinne mé ḋaṁ féin é.


Agus biáiḋ críoċ na Hégipte áonránaċ agus bán; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA: do ḃríġ go nduḃairt sé, Is liomsa a naḃuinn, agus is mé do rinne é.


Cía agá ḃfuil a ḟios má ḟilleann sé agus má ní sé aiṫriġe, agus beannaċd dfágḃáil na ḋiáiġ; eaḋon ofráil ḃíḋ agus ofráil ḋíġe don TIĠEARNA ḃur Ndia?


Siḃsi noċ ṡólasuiġios ann ní gan taḋḃaċt, noċ a deir, Naċ ar ġaḃamar ċugainn aḋarca le ar neart féin?


Cía agá ḃfuil a ḟios naċ iompoċaḋ Día agus go maḋ aiṫreaċ é, agus go ḃfillfeaḋ sé ó na ḟeirg ḟíoċṁuir, iondus naċ imṫiġiom seaċad?


Annsin áṫroċus a inntinn, agus raċfuiḋ sé ṫairis anonn, agus cinteoċuiḋ sé, ag cur a ċuṁaċta a leiṫ a ḋé fein.


Isí so an ċaṫair lúaṫġáireaċ do ċoṁnuiġ neaṁċúramaċ, a duḃairt iona croiḋe, Atáimse, agus ní ḃfuil ann aċd mé: cionnus do rinneaḋ fásaċ ḋí, na háit aig beaṫaċaiḃ ċum luiġe síos innte! gaċ uile duine ġaḃus láiṁ ría déana sé feadalaċ, agus croiṫfiḋ a láṁ.


Ar a naḋḃarsin taḃruiġ toraḋ ḃus iomċuḃuiġ do naiṫriġe:


Ar a naḋḃarsin táḃruiḋ deíre uáiḃ do na neiṫiḃ atá a láṫair aguiḃ; agus, féuċ, bíaiḋ na huile neiṫeġan díḃ.


Agus an tan do laḃair sé riu a dtimċeall na firéantaċda, agus na measarrḋaċda, agus an ḃreiṫeaṁnuis atá ag teaċd, ar gcrioṫnuġaḋ Dfélics, a duḃairt sé, Imṫiġ roṁad a nois; agus a núair ḃías úain agamsa air, cuirfiḋ mé fios ort.


Aċd do ḟógair mé do luċd Ḋamascus ar tús, agus a Niarusalem, agus ar feaḋ région ṫíre Iúdaiġe go huiliḋe, agus do na Cineaḋaċaiḃ, aiṫreaċus do ḋéanaṁ agus filleaḋ ċum Dé, ag déunaṁ oibreaċa iomċúḃaiḋ don aiṫriġe.


Uime sin déuna aiṫriġe ar son a nuilcse, agus íarr ar Ḋía, más éidir smuáineaḋ do ċroiḋe do ṁaiṫeaṁ ḋuit.


Uime sin ar mbeiṫ feasaċ ḋúinn air ḃuirbe an Tiġearna, táirngéamaóid daóime ċum creidṁe, agus as follus do Ḋía sinn; agus atá dóiġ agam go ḃfuilmid follas do ḃur ccoinnsiasuiḃse mar an gcéudna.


Oír, a ḋearḃráiṫre, as ċum sáoirsi do goireaḋ siḃ; aṁáin ná déunuiḋ an tsáoirse na cionfáṫa don ċoluinn, aċd bíġiḋ féin ag seirḃís do ċéile tré ġráḋ.


Aċd a sé as toraḋ don Spiorúid gráḋ, gáirdeaċas, síoṫċáin, foíġid ḟasa, ceannsaċd, rún maiṫeasa do ḋéunaṁ, creideaṁ,


Oír a Niósa Críosd ní ḃfuil éifeaċd ar biṫ a dtimċillġearraḋ, ná a neaṁṫimċillġearraḋ; aċd a gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


An tí do rinne goid ná gadah ní sá ṁó: aċd go maḋ luáiṫe ḋeánas sé sáoṫar, ag oibriuġaḋ maiṫeasa ré na láṁuiḃ féin, ionnus go mbíáḋ ní aige ré ṫaḃairt don tí air ḃfuil ríaċdanus.


Ar gaċ uile ċor do ḃéara tú a ġeall dó a nuáir ṫéid an ġrían faoi, ċor go bféadfa codlaḋ iona éadaċ féin, agus beannoċuiḋ sé ṫusa: agus biáiḋ so na ḟiréantaċd duit a laṫair an ṪIĠEARNA Dé.


Muna ḃeiṫ gurab eagal liom dioġaltas na náṁad, deagla gou iomċradis íad féin ar staid neaṁḟiosaċ, agus deagla go naibeoraidís, Atá ar láṁ féin láidir, agus ní hé an TIĠEARNA do rinne so uile.


Agus go naibeorṫá ann do ċroiḋe, Mo ċuṁaċda agus neart mo láiṁe féin fúair an saiḋḃrios so ḋaṁ.


Agus roiṁ na huile neiṫiḃ bíoḋ gráḋ ro ḋioġraiseaċ aguiḃ ḋá ċéile: óir cuirfiḋ an gráḋ folaċ ar iomad peacaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ