Agus a duḃradar, Gluáisiḋ, déunam caṫair ḋuinn féin, agus tor a roiṫeaċuiḋ a ḃárr go neaṁ; agus déunam ainm ḋuinn féin, deagla go spréiġfiġ sinn ar feaḋ na talṁan go huiliḋe.
Agus do ċonnairc aisling, agus féuċ dréimre ar na ċur súas ar an talaṁ, agus ráinic a ḃárr go flaiṫeaṁnus: agus féuċ, aingil Dé ag dul suas agus ag teaċd a nṡúas ann.
¶ Agus a duḃairt Nátan re Dáiḃi, Is tusa an duine. Is mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do unguiḋ misi ṫú ad ríġ ós cionn Israel, agus do ṡáor mé ṫú as láiṁ Ṡauil;
Aċt do ḃí fáiġ don TIĠEARNA ann sin, dar ḃainm Oded: agus do ċúaiḋ sé amaċ a ccoinne an tslóiġ ṫáinic go Samária, agus a duḃairt sé riú, Féuċuiḋ, do ḃríġ go raiḃ an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ feargaċ re Iúdah, ṫug sé ion ḃur láiṁse íad, agus do ṁarḃaḃair íad a ndíḃḟeirg roiṫċios súas go neaṁ.
Do rinne mé an talaṁ, an duine agus an beaṫaċ atá air an ttalaṁ, lem ṁórċuṁaċt agus lém láiṁ sínte amaċ, agus ṫug mé é don tí do ċonncas iomċuḃaiḋ ḋaṁ.
Agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ṫáinic iolar mór go sciaṫánuiḃ mora, faidsciaṫánaċ, lán do ċlúṁaċ, iona raiḃ daṫa éagsaṁla, go Lebanon, agus rug air an mbeangán dob áirde don sedar:
Agus áṫruiġiḋ sé na haimseara agus na huáine: áṫruiġiḋ sé ríġṫe, agus cuiriḋ sé ríġṫe súas: do ḃeir sé eagna do na daóiniḃ glioca, agus eólus don ṁéid aiṫniġios tuigsi:
Agá raiḃ a ḋuille breáġa, agus a ṫoraḋ iomadaṁuil, agus do ḃí na ḃíaḋ do nuile; faoi ar ċoṁnuiġeadar beaṫuiġe an ṁaġa, agus air a ġéagaiḃ a raiḃ áitreaḃ aig éunlaiṫ neiṁe:
Annsa namsin féin dfill mo ċíall ċugam; agus air son ġlóire mo rioġaċda, dfill monóir agus mo ḋéalraḋ ċugam; agus díarradar mo ċoṁairliġ agus mo ṫiġearnaḋa mé; agus do ḋaingniġeaḋ ann mo rioġaċd mé, agus tugaḋ tuilleaṁ mórḋaċd oirḋearca ḋaṁ.