Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 4:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Is lé hórduġaḋ na ḃfear faire atá an ċúis si, agus an tíarratus lé bréiṫir na náon náoṁṫa: ċor go mbí a ḟios aig an mbeó go ríaġluiġionn an té is ro Airde a rioġaċt na ndaóine, agus go ttaḃair í don té is áill leis, agus go ccuirionn súas ós a cionn an té is uirísle do na daóiniḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 4:17
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċd ní raiḃ áon cosṁuil re Ahab, noċ do reac é feín doibriuġaḋ urċóide á raḋarc an TIĠEARNA, noċ do ċorruiġ a ḃean Iesebel ċuige sin.


¶ Agus a naimsir a aindesi do ċiontuiġeaḋ sé fós ní sa ṁó a naġaiḋ an TIĠEARNA: an ríġsi féin Ahas.


Do ṡuiġiḋ an TIĠEARNA a ċaṫaóir ríoġa ar neaṁ; agus atá a rioġaċt ag ríaġluġaḋ ós cionn a nuile.


Siuḃluiġid na ciontaiġ air gaċ áontaóiḃ, a nuáir árduiġṫear na daóine is míṁeasta.


Aiṫeantar an TIĠEARNA ris an mbreiṫeaṁnus noċ ċuireann sé a ḃféiḋm: gaḃṫar an ciontaċ a nobair a láṁ féin. Higgaion. Selah.


Agus go deiṁin is uime so do ṫóg mé ṫusa súas, ionnus go ttáisbeanfuinn ionnadsa mo ċuṁaċda; agus go ḃfoillseoċuiḋ mainm ar feaḋ an doṁuin uile.


Agus do ġoir aon ar oile, agus a duḃradar, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, TIĠEARNA na slóġ: atá an talaṁ uile líonta da ġlóir.


¶ Mar an ccéadna do ċúalaiḋ mé gúṫ an Tiġearna, ġa ráḋ, Cía ċuirfeas mé uaim, agus cía raċus air ar son? Annsin a duḃairt misi, Atáimse annso; cúir misi uáit.


Agus do ḋéana mé dioġaltas mór orra maille ré iomaiṫḃearuiḃ garg; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA an tan leagfas mé mo ḋioġail orra.


Uimesin do ḃéara misi díoġa na ngeinteaḋ, agus sealḃoċuid síad a ttiġṫe: do ḃéara mé fós air ṗoimp na neartṁar scur; agus truáillfiġear a náite náoṁṫa.


¶ Agus éireoċuiḋ súas iona áit pearsa uirísiol, da naċ ttiuḃruid síad onóir na rioġaċda: aċt tiucfa sé a steaċ go síoṫċánta, agus gnoḋaċuiḋ sé an ríoġaċt le mealltóireaċd.


Agus áṫruiġiḋ sé na haimseara agus na huáine: áṫruiġiḋ sé ríġṫe, agus cuiriḋ sé ríġṫe súas: do ḃeir sé eagna do na daóiniḃ glioca, agus eólus don ṁéid aiṫniġios tuigsi:


Do ṁeas mé gur maiṫ ré ṫaisbeanaḋ na coṁarṫaḋa agus na hionganta dfoillsuiġaḋ doibriġ an taird Ḋía leaṫ riemsa.


Go ndíbeóruid ṫusa ó ḋaóiniḃ, agus go mbiáiḋ do ċoṁnuiḋe a bfoċair ḃeaṫaċ na talṁan, agus do ḃeirid ort féur diṫe mar ḋaiṁ, agus fliucfuid ṫú ré drúċt neiṁe, agus raċfuid seaċt naimsiora ṫort, nó go naiṫniġiḋ tú gur bé an té is ro Airde ríaġlas a rioġaċt na ndaóine, agus do ḃeir í don té is áill leis.


Agus laiḃeora sé bríaṫra móra a naġaiḋ an té is ro Airde, agus caiṫfiḋ amaċ naóiṁ an té is ró Airde, agus sáoilfiḋ aimsiora agus dliġṫe dáṫruġaḋ: do ḃéarṫar iona láiṁ íad go haimsir agus go haimsioruiḃ agus go roinn aimsire.


Bioḋ gaċ uile anum úṁal do na cúṁaċdaiḃ atá ós a ċionn. Oír ní ḃfuil cúṁaċda ar biṫ aċd ó Ḋía: agus na cúṁaċda atá ann as ó Ḋía do hórduiġeaḋ íad.


Agus do ṫoġ Día, neiṫe anúaisle an tsáoġail, agus na neiṫe tarcuisneaċa, agus na neiṫe naċ ḃfuil ann, ċum na neiṫeann atá ann do ċur a neiṁḃríġ:


Cuírim dúalaċ ort a ḃfíaḋnuisi Dé, agus an Tíġearna Iósa Criósd, agus na naingeal toġṫa, na neiṫese ċoiméud gan suim do ḃeiṫ agad a neaċ seaċ ar oile, gan ní ar biṫ ḋéunaṁ ḋuit go cláon.


Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías.


Tógḃuiḋ sé an boċd as an luáiṫreaḋ, agus tógḃniḋ sé fear íarata na déirce súas as an ccárnan aóiliġ, dá ccur na suiḋe eidir ṗrionnsaḋuiḃ, agus do ṫaḃairt orra caṫaóir ġlóire do ṡealḃuġaḋ: óir is leis an TTIĠEARNA uáiṫniġe na talṁan, agus do ṡuiġiġ sé an doṁan orra.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ