Daniel 4:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)14 Dfúagair seision go hárd, agus a duḃairt marso, Gearruiḋ síos an crann, agus gearruiḋ a ḃeangáin de, croiṫiḋ a ḋuille ḋe, agus díoscaóiliḋ a ṫoraḋ: imṫiġdis na beaṫuiġe ó ḃeiṫ faói, agus a néunlaiṫ ó na ḃeangánuiḃ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus an tionad a ḃfaca an ríġ forḟaireaċ agus áon náoṁṫa ag teaċd a núas ó neaṁ, agus ġá ráḋ, Gearruiḋ síos an crann, agus scriosuiḋ é; ṫairis sin fágḃuiḋ bun na ḃfréaṁ annsa talaṁ, éaḋon lé cuiḃreaċ íarruinn agus práis, a ḃféur ṁín an ṁaġa; agus fliuċṫar é lé drúċt neiṁe, agus bíoḋ a ċuid ronna maille re beaṫuiġiḃ an ṁaċaire, go ndeaċuid seaċd naimsiora ṫairis;
Agus do díoṫċuireaḋ é ó ṁacaiḃ na ndaóine; agus do rinneaḋ a ċroiḋe cosṁuil ris na beaṫaċaiḃ, agus do ḃí a ċoṁnuiḋe a ḃfoċair na nassal ḃfíaḋta: do ḃíaṫadar é lé féur aṁuil daiṁ, agus do ḃí a ċorp fliuċ lé drúċt neiṁe; nó gur ṫuig sé gur bé an Día is ro áirde ríaġlas a rioġaċd na ndaóine, agus go nórduiġionn sé ós a ccionn an té is áill leis.