Agus a duḃradar, Gluáisiḋ, déunam caṫair ḋuinn féin, agus tor a roiṫeaċuiḋ a ḃárr go neaṁ; agus déunam ainm ḋuinn féin, deagla go spréiġfiġ sinn ar feaḋ na talṁan go huiliḋe.
Agus coiṁṫiġiḋ, an drong is úaṫḃásuiġe do na cineaḋaċaiḃ, do ġearradar amaċ é, agus dfágḃadar é: annsna sléiḃtiḃ agus annsna huile ġleantaiḃ do ṫuitiodar a ḃeangáin, agus do briseaḋ a ċráoḃa lé huile ṡroṫaiḃ na tíre; agus dimṫiġeadar uile ḋaóine na talṁan síos ó na scáile, agus dfágḃadar é.
Uimesin do hárduiġeaḋ a áirde ós cionn uile ċrann an ṁaġa, agus do líonadar a ḃeangáin, agus dfásadar a ġéaga go fada do ḃríġ iomaid na nuisgeaḋ, an tan do ċuir sé amaċ íad.
Agus tusa, a Ċapernáum, a tá ar do ṫógḃáil súas go neaṁ, téilgfiḋṫear síos go hifrionn ṫú: óir dá maḋ a measg luċd Ṡodoim do ḋéantuiḋe na míorḃuile, do rinneaḋ ionnadsa, do anfaidis gan sgrios gus a níu.
Eist, ó a Israel: Atá tú ag dul tar Iordan san ló aniuġ, do ṡealḃuġaḋ cineaḋaċ is mó agus is láidre ná ṫú féin, caiṫreaċa mora agus cuṁdaiġṫe súas go neaṁ,