Daniel 3:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)29 Uime sin do nímse órduġaḋ, Na huile ḋaóine, ċineaḋaċa, agus teangṫa, noċ laḃrus aóinní naċ cóir a naġaiḋ Dé Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, do ġearraḋ na bpíosuiḃ, agus cárn aoiliġ do ḋeanaṁ dá ttiġṫiḃ: do ḃríġ naċ ḃfuil Día ar bioṫ oile ḟéudus tárṫáil air an moḋso. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Anois má ḃiṫí réiḋ gioḋ bé ar bioṫ uáir ċluinnfiḋe fuáim an ḃúaḃuill, na flúite, cláirsiġe, sacbut, psaltraċ, agus dulcimer, agus a nuile ṡórt ceoil, go nuiṁleoċṫaoi síos agus go naiḋeorṫaoi a níoṁáiġ noċ do rinne misi; is maiṫ é: aċd muna naḋarṫaoi, teilgfiġear a núairsin féin siḃ a lár fuirníse lasarḋa; agus cía hé an Día sin ṡáorfas as mo láiṁse siḃ?
Annsin do laḃair Nebuċadnessar, agus a duḃairt sé, Go maḋ beannuiġṫe Día Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, noċ do ċuir a aingeal úaḋ, agus do ṡáor a ṡeirḃísiġ do ċuir a ndóṫċus ann, agus do ṫarcuisniġ bríaṫar an ríġ, agus dáontuiġ a ccorp, go naċ ḃfoiġeonaidís agus naċ aiḋeoraidís dée ar bioṫ, aċt a Ndía féin.