Daniel 3:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)2 Annsin do ċuir Nebuċadnessar an ríġ cruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile air na prionnsaḋuiḃ, air na húaċdaránuiḃ, air na caiptíniḃ, air na breiṫeaṁnuiḃ, air na treisineriḃ, air na coṁairleaċuiḃ, air na siorraim, agus luċd ríaġluiḋ na bproḃinnseaḋ uile, teaċd ċum cóisreacṫa na híoṁáiġe noċ do ċuir Nebuċadnessar an ríġ súas. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus íar ccruinninġaḋ do na prionnsaḋaiḃ, na ríaġlóiríġiḃ, agus na caíptiniḃ, agus coṁairleaċaiḃ an ríġ a ḃfoċair a ċéile, do ċoncadar na daóinesi, air naċ raiḃ cúṁaċda ar bioṫ ag an tteine air a ccorpuiḃ, ní raiḃ ruibe dá cceann loisge, ní mó do haṫruiġeaḋ a ccótaḋa, ní mó do ḃean bolaḋ na teineaḋ ríu.
Annsin do cruinniġeaḋ a ḃfoċair a ċéile, na prionnsaḋa, na huáċdaráin, na caiptíniġ, na breiṫeaṁuin, na treisinere, na coṁairliġ, na siorraim, agus uile ríaġlóiriġe na bproḃinnseaḋ, ċum coisreacṫa na híoṁáiġe, do ċuir Nebuċadnessar an ríġ súas; agus do ṡeasadar as coinne na hioṁáiġe do ċuir Nebuċadnessar súas.