Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.
A nuáir do ḃeir sé suáiṁnios úaḋ, cía ḟéadas annsin buaiḋreaḋ do ḋéanaṁ? a núair ḟolċus sé a aġaiḋ, annsin cía ḟéadas aṁarc air? más a naġaiḋ ciniḋ é, nó a naġaiḋ éanduine aṁáin:
Agus do ḋéana misi ḋíotsa don ṁuinntirsi balla cúṁdaiġ práis: agus troidfid riotsa, aċd ní ḃéuruid buáiḋ ort: óir atáimsi leaċd dot ċáḃair agus dot ṡáoraḋ, a deir an TIĠEARNA.
Annsin ṫáinic Nebuċadnessar láiṁ re béul na fuirnísi loísgniġ teineaḋ, agus do laḃair, agus a duḃairt, A Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, siḃsi a ṡeirḃísiġ an Dé is ro áirde, tigiḋ amaċ, agus tigiḋ annso. Annsin ṫáinic Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, amaċ as lár na teineaḋ.
Agus meastar uile áitreaḃṫuiġ na talṁan aṁuil neiṁní: agus do ní seision do réir a ṫola féin ar ṡlúaġ neiṁe, agus a measc áitreaḃṫaċ na talṁan: agus ní ḟéadann duine ar bioṫ a láṁ do ċosg, nó a ráḋ ris, Cred do ní tú?
Annsin daiṫin an ríġ, agus ṫugadar Dániel léo, agus do ṫeilgiodar é a nuáiṁ na leoṁan. Anois do laḃair an ríġ, agus a duḃairt sé ré Dániel, Sáorfuiḋ do Ḋía ṫú, dá ḃfóġnann tú a ccoṁnuiḋe.
Annsin do ḃí an ríġ ro lúaṫġáireaċ dá ṫaoiḃ, agus daiṫin sé go ttugaidís Dániel súas as a nuáiṁ. Marsin rugaḋ Dániel súas as a núaiṁ agus níor fríṫ gné ar bioṫ ḋoċair air, do ḃríġ gur ċreid sé iona Ḋía féin.
Aċd ní ḃfuil cás agam a néinni, agus ní ḃfuil cion agam ar manum féin, aċd go dti ḋíom mo ṫuras, agus an miniosdrálaċd fuáir mé ón Dtiġearna Iósa do ċoiṁlíonaḋ maille ré gáirdeaċus, ré fíaḋnuise ḋéunaṁ do ḋóisgéul ġrás Dé.
Do ḟreaguir Pól ann sin, Créd do ḃeir siḃsi ag gul agus ag briseaḋ mo ċróiḋesi? óir atáimsi ullaṁ, ní ċum ḃeiṫ cuíḃriġe aṁáin, aċd mar an ccéudna ċum báis dfulang a Niarusalém ar son anma an Tiġearna Iósa.
A duḃairt Dáiḃi fós, An TIĠEARNA do ṡáor misi ó croḋ an leoṁuin, agus ó ċroḋ an ṁaṫġaṁuin, sáorfuiḋ sé as láiṁ an Ṗilistiniġsi mé. Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Eiriġ, agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd.
A muġ ḃéaras an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi; agus buáilfiḋ mé ṫú, agus beanfaiḋ mé do ċeann díot: agus do ḃéara me anúiġ conablaċa ṡluáiġ na Ḃṗilistineaċ déanlaiṫiḃ a naieir, agus do ḃeaṫaċaiḃ allta an ṁaċaire; ċor go mbía a ḟios ag an doṁan uile go ḃfuil Dia a Nisrael.