Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 3:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Anois má ḃiṫí réiḋ gioḋ bé ar bioṫ uáir ċluinnfiḋe fuáim an ḃúaḃuill, na flúite, cláirsiġe, sacbut, psaltraċ, agus dulcimer, agus a nuile ṡórt ceoil, go nuiṁleoċṫaoi síos agus go naiḋeorṫaoi a níoṁáiġ noċ do rinne misi; is maiṫ é: aċd muna naḋarṫaoi, teilgfiġear a núairsin féin siḃ a lár fuirníse lasarḋa; agus cía hé an Día sin ṡáorfas as mo láiṁse siḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 3:15
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cía híad féin a measc dée na ttíorṫann, noċ do ṡáor a ttír as mo láiṁsi, as a sáorfaḋ an TIĠEARNA Ierusalem as mo láiṁ?


Giḋeaḋ annois, maḋ áill leaċd maiṫ ḋóiḃ a bpeacaḋ; agus munandean, cuir misi as do leaḃar (iarruim daṫċuinge ort) noċ do sgrioḃ tú.


Agus a duḃairt Ṗárao, Cía hé an TIĠEARNA da nuṁloċuinnsi ḋá ġlór, as a léigfinn Israel dimṫeaċd? ni haiṫnid daṁsa an TIĠEARNA sin agus ní mó léigfeas mé Israel dimṫeaċd.


Cía scannluiġ tú agus cía ṁasluiġ tú; agus cía a naġaiḋ ar árduiġ tú do ġuṫ, agus ar ṫóg tú do ṡúile súas go hárd? eaḋon a naġaíḋ Aóin Náoṁṫa Israel.


Do ḟregair an ríġ do Ḋániel, agus a duḃairt, Is dearḃ, gur Día na ndée ḃur Ndíasa, agus Tiġearna ar ríoġuiḃ, agus foillsiṫeaċ secréideaḋ, ó dfeud tusa an tseicréidse dfoillsiuġaḋ.


Aċt muna ttugṫaói fios na haislinge ḋaṁsa, ní ḃfuil aċt aoinḃreaṫ a ṁáin oruiḃ: óir dullmuiġeaḃair bréaga agus bríaṫra salċa da laḃairt dom laṫairsi, no go náṫruiġṫear a naimsir: uimesin innisiḋ ḋaṁsa a naisling, agus aiṫeonuiḋ mé gur feidir liḃ a ċiall do ṫaisbeanaḋ ḋaṁ.


Mas aṁluiḋ atá, is féidir leir Ndía féin dá ḃfoġnamoid ar saoraḋ ó nfuirnís lasarḋa loisgniḋ, agus saórfa sé sinn as do láiṁsi, a ríġ.


Annsin daiṫin an ríġ, agus ṫugadar Dániel léo, agus do ṫeilgiodar é a nuáiṁ na leoṁan. Anois do laḃair an ríġ, agus a duḃairt sé ré Dániel, Sáorfuiḋ do Ḋía ṫú, dá ḃfóġnann tú a ccoṁnuiḋe.


Agus an tan ṫáinic sé ċum na húaṁa, do ġoir sé maille re gúṫ trúaġanta ar Ḋániel: agus do laḃair an ríġ agus a duḃairt re Dániel, A Ḋániel, a ṡerḃisiġ Dé ḃí, an féidir lé do Ḋía, dar ḟóġain tú a ccoṁnuiḋe, do ṡáoraḋ ó na leoṁanuiḃ?


Aċd an tan do ḃéaraid síad úaṫa a láiṁ siḃ, na bíoḋ na roċás oruiḃ cionnas no créd laiḃéorṫáoi: óir do ḃéarṫar ḋáoiḃ ar a núarsin féin an ní laiḃéorṫáoi.


Do ḃí a ḋóċus a Ndía; sáoraḋ sé é a nois, mas áill leis é: óir a duḃairt sé, Is misi Mac Dé.


Agus an tan ḃéuruid síad a láiṁ, agus ṫaḃrid súas siḃ, na bioḋ na roċás oruiḃ roiṁe láíṁ créd a déurṫáoi, agus ná smúainiḋ air: aċd giḋ bé ní do ḃéarṫar ar a núairsin díḃ, abruiḋ é: oír ní siḃsi laḃrus, aċd an Spiorad Náoṁ.


Agus an tan do ḃéaruíd síad siḃ ċum na sinagóig, agus na núaċdarán, agus na ndáoine gcuṁaċdaċ, na bíoḋ ná ro ċúram oraiḃ cionnas no créd ḟreagórṫáoi, nó créd a déarṫáoi:


Agus má ḃeir sé toraḋ, léigfiḋ tú ḋó: aċd muna dtuga, géarrfuiḋ tú tar éisi sin é.


Aċd ar ḃfreagra do Ṗeadar agus Deóin, a duḃradar ríu, Measuiġ féin an córa a ḃfíaḋnuise Dé, siḃsi deisdeaċd ná Día.


Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar agus do na habsdaluiḃ a duḃradar, Is mó is éigin úṁluġaḋ do Ḋía, ná do ḋáoiniḃ.


Agus gaċ a raíḃ na suíḋe sa ccóṁairle, ag féuċuinn go frioċnaṁaċ airsion, do ċunncadar a aġaiḋ mar aġaiḋ aingil.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ