Daniel 2:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)9 Aċt muna ttugṫaói fios na haislinge ḋaṁsa, ní ḃfuil aċt aoinḃreaṫ a ṁáin oruiḃ: óir dullmuiġeaḃair bréaga agus bríaṫra salċa da laḃairt dom laṫairsi, no go náṫruiġṫear a naimsir: uimesin innisiḋ ḋaṁsa a naisling, agus aiṫeonuiḋ mé gur feidir liḃ a ċiall do ṫaisbeanaḋ ḋaṁ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Ata a ḟios ag serḃíseaċuiḃ an ríġ uile, agus ag daóiniḃ ṗroiḃinnseaḋ an ríġ, giḋ bé ar biṫ dfior nó ṁnaói ṫiocfas gus an ríġ don ċúirt is faide a steaċ, ar naċ goirṫear, go ḃfuil aoindliġeaḋ aṁáin aige, an té sin do ċur ċum báis, aċt aṁáin an té ḋá sinfiġ an ríġ amaċ an tslat ríoġa órḋo, iondus go mairfe sé: aċd níor goireaḋ ormsa do ṫeaċt a steaċ gus an ríġ ris an tríoċad lá so.
Anois má ḃiṫí réiḋ gioḋ bé ar bioṫ uáir ċluinnfiḋe fuáim an ḃúaḃuill, na flúite, cláirsiġe, sacbut, psaltraċ, agus dulcimer, agus a nuile ṡórt ceoil, go nuiṁleoċṫaoi síos agus go naiḋeorṫaoi a níoṁáiġ noċ do rinne misi; is maiṫ é: aċd muna naḋarṫaoi, teilgfiġear a núairsin féin siḃ a lár fuirníse lasarḋa; agus cía hé an Día sin ṡáorfas as mo láiṁse siḃ?