49 Annsin díarr Dániel air an ríġ, agus do ċuir sé Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, ós cionn ġnoṫuiġeaḋ ṗroiḃinnse na Bábilóine: aċt do ṡuiġ Dániel a ngeata an ríġ.
¶ Annsna láeṫiḃsin, (an feaḋ do ḃí Mordecai na ṡuiḋe a ngeata an ríġ), do ḃí fearg ar ḋís do ṡeomradóiriġiḃ an ríġ, Bigtan agus Teres, do luċd coiṁéad an doruis, agus do ṫríalladar láṁ do leagaḋ air an ríġ Ahasuerus.
Agus do ċlaóindís, agus duṁluiġedís serḃísiġ an ríġ uile, do ḃí san ġeata, do Háman: óir daiṫin an ríġ mairsin dá ṫáoḃ. Aċt ní ċromaḋ Mordecai, agus ní ḋéanaḋ sé uṁla ḋó.
Agus ṫangadar uile ṗrionnsaḋa ríġ na Babilóine a steaċ, agus do ṡuiġeadar annsa ġeata meaḋónaċ, eaḋon Nergal‐Sareser, Samgar‐nebo, Sarseċim, Rab‐saris, Nergal‐sareser, Rabmag, maille ris an ccuid oile uile do ṗrionnsaḋuiḃ ríġ na Babilóine.
¶ Ar son an ċeaṫrair leanaḃ so, ṫug Día éolus agus ġocus dóiḃ annsa nuile ḟóġluim agus eagna: agus do ḃí tuigsi ag Dániel annsna huile fiosiḃ agus aislingiḃ.
Dá ttug prionnsa na ccailteanaċ anmanna: óir ṫug sé ar Ḋániel Beltesassar; agus air Hananiah, Sadráċ; agus air Ṁisael, Mesaċ; agus air Asaríah, Abednego.
Do rinne Nebuċadnessar an ríġ íoṁáiġ óir, iona raíḃ trí fitċid cuḃad ar áirde inte, agus sé cuḃaid ar leiṫead, agus do ċuir sé súas í a réiteaċ Dúra, a bproiḃinnse na Babilóine.
Fúaṫuiġiḋ an tolc, agus gráḋuiġiḋ an ṁaiṫ, agus suiġiḋ breiṫeaṁnus annsa ġeata: dob éidir go mbíaṫ an TIĠEARNA Día na slóġ grásaṁuil ré híarasma Ióseṗ.