Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 2:48 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 Annsin do rinne an ríġ duine mór do Ḋániel, agus ṫug sé iomad tioḋlaiceaḋ ḋó, agus do rinne sé úaċdarán de ós cionn uile ṗroḃinnse na Babilóine, agus úaċdarán ós cionn uile ḋaóine glioca na Babilóine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 2:48
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois do ḃí Barsillai ná ḋuine ro áosta, ceiṫre fiṫċid blíaḋan daóis: agus a sé do ġléus lónn don ríġ an fad do ḃí a Mahanaim; óir ba ro ṁór an duine é.


Anois do ḃí Naaman, caiptín slóiġ ríġ na Síria, na ḋuine mór agá ṫiġearna, agus ro onoraċ, do ḃríġ gur dá ṫaóiḃ ṫug an TIĠEARNA tárṫáil do Ṡíria: do ḃí sé mar an gcéadna na ḋuine neartṁar a ngaisgiḋ, aċt do ḃí sé na loḃar.


Do bí a ṁaóin mar an ccéadna seaċt míle cáora, agus trí ṁíle cáṁall, agus cúig ċéad cúpla daṁ, agus cúig ċead assal bainionn, agus teaġlaċ roṁór; iondus gur ḃé an fearso duine buḋ mó don taóiḃ ṡoir uile.


Raċa mé go nuige na daóiniḃ móra, agus laiḃeora mé ríu; óir atá fios sliġeaḋ an TIĠEARNA aca, agus breiṫeaṁnus a Ndé: aċt do ḃrisiodar so go hiomlán an ċuing, agus do réubadar na cuiḃreaċa.


Aċt má ṫaisbeantaói a naisling, agus a cíall, do ġeaḃṫaói bronta náimsi agus luaiġeaċda agus onóir ṁór: nimesin foillsiġiḋ a naisling ḋaṁ, agus a ċíall.


Do rinne Nebuċadnessar an ríġ íoṁáiġ óir, iona raíḃ trí fitċid cuḃad ar áirde inte, agus sé cuḃaid ar leiṫead, agus do ċuir sé súas í a réiteaċ Dúra, a bproiḃinnse na Babilóine.


Atáid drong áiriġ do Iúduiġiḃ noċ do ċuir tú óscionn ġnoṫuiġeaḋ ṗroḃinnsi na Babilóine, Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego; ní ṫugadar na daóinesi, a ríġ, meas ortsa: ní ḟoġnuid dot ḋéeiḃ, ní mó aḋruid a níoṁaiġ órḋa do ċuir tú súas.


Annsin dárduiġ an ríġ Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, a bproḃinnse na Babilóine.


Uimesin do rinne mé órduġaḋ daóine glioca na Babilóine uile do ṫaḃairt a steaċ dom laṫair, ċor go ttiuḃraidís ḋaṁ fios céille na haislinge.


O a Ḃeltesassar a ṁaiġistir na ndrúaġ, do ḃríġ go ḃfuil a ḟios agam spiorad na ndée náoṁṫa do ḃeiṫ ionnad, agus naċ buáiḋreann secréid ar bioṫ ṫú, innis daṁsa fise maislinge do ċonnairc mé, agus a cíall.


Atá duine ann do rioġaċd, iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa; agus a láeṫiḃ haṫar, fríṫ solus agus tuicse agus eagna ann, cosṁuil ré heagna na ndée; noċ dá ndéarna an ríġ Nebuċadnessar haṫair, an ríġ, a deirim, haṫair, maiġistir ar na draóiṫiḃ, air na hastroluiġṫiḃ, air na Caldeánaċaiḃ, agus air na faistineaċaiḃ;


Agus do ċúala mé dot ṫaoiḃsi, go ḃféudann tú cíalluġaḋ, agus fúasclaḋ ceastann: a nois má ḟéadann tú an scríḃinnsi do léaġaḋ, agus a cíall dinnisin daṁsa, éideoċar lé scáirléad ṫú, agus biáiḋ slaḃraḋ óir fád ḃráġaid, agus biáiḋ tú ad ṫreas úaċdarán annsa rioġaċt.


Annsin dfúagair Belsassar, agus déaduiġeadar Dániel le scáirléad, agus lé slaḃraḋ óir fá na ḃráġaid, agus ṫugadar fógra ḋa ṫaóiḃ, go mbíaḋ sé na ṫreas úaċdarán san rioġaċd.


Dfúagair an ríġ go hárd na hastroluiġṫe, na Caldéanuiġ, agus an luċt áisdine do ṫaḃairt a steaċ. Agus do laḃair an ríġ, agus a duḃairt ré daóiniḃ eagnuiġe na Babilóine, Giḋ bé ar bioṫ léiġfios an scríḃinnsi, agus ṫaisbeanfus a cíall daṁsa, éideoċar é lé scáirléad, agus do ġeaḃuiḋ sé slaḃraḋ óir timċioll a ḃráġad, agus biáiḋ sé na ṫreas úaċtarán san rioġaċt.


Agus danḃfáinniġ misi Daniel, agus do ḃáḋas tinn laeṫe áiriġ; na ḋiáiġsin déiriġ mé súas, agus do rinne mé ġnoṫuiġe an ríġ; agus do ḃí uáṫḃás orum fa a naisling, aċd níor ṫuig duine ar biṫ í.


Ar a naḋḃarsin a nois teiṫ dod ionad féin: do ṁeas mé do ṫógḃáil ċum onóra móire; aċd, féuċ, do ċonnuiṁ an TIĠEARNA ó ónoir ṫú.


Agus a duḃradar muinntir Israel, An ḃfacaḃair an té so ṫáinic suas? go deiṁin is do ṫaḃairt masla Disrael ṫáinic sé súas: agus is aṁluiḋ ḃiás, giḋ bé duine ṁuirfios é, go ndéana an ríġ saiḋḃir é le hiomad máoine, agus go ttiuḃra a inġean dó, agus go ndéana tiġ a aṫar sáor a Nisrael.


Tógḃuiḋ sé an boċd as an luáiṫreaḋ, agus tógḃniḋ sé fear íarata na déirce súas as an ccárnan aóiliġ, dá ccur na suiḋe eidir ṗrionnsaḋuiḃ, agus do ṫaḃairt orra caṫaóir ġlóire do ṡealḃuġaḋ: óir is leis an TTIĠEARNA uáiṫniġe na talṁan, agus do ṡuiġiġ sé an doṁan orra.


¶ Agus do ḃí duine a Maon, ga raiḃ a ṁáoin a Gcarmel; agus do ḃí an duine ro ṁór, agus do ḃádar trí ṁíle cáora aige, agus míle gaḃar: agus do ḃí ag bearraḋ a ċáoraċ a Gcarmel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ