Daniel 2:47 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)47 Do ḟregair an ríġ do Ḋániel, agus a duḃairt, Is dearḃ, gur Día na ndée ḃur Ndíasa, agus Tiġearna ar ríoġuiḃ, agus foillsiṫeaċ secréideaḋ, ó dfeud tusa an tseicréidse dfoillsiuġaḋ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Anois má ḃiṫí réiḋ gioḋ bé ar bioṫ uáir ċluinnfiḋe fuáim an ḃúaḃuill, na flúite, cláirsiġe, sacbut, psaltraċ, agus dulcimer, agus a nuile ṡórt ceoil, go nuiṁleoċṫaoi síos agus go naiḋeorṫaoi a níoṁáiġ noċ do rinne misi; is maiṫ é: aċd muna naḋarṫaoi, teilgfiġear a núairsin féin siḃ a lár fuirníse lasarḋa; agus cía hé an Día sin ṡáorfas as mo láiṁse siḃ?
Annsin do laḃair Nebuċadnessar, agus a duḃairt sé, Go maḋ beannuiġṫe Día Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, noċ do ċuir a aingeal úaḋ, agus do ṡáor a ṡeirḃísiġ do ċuir a ndóṫċus ann, agus do ṫarcuisniġ bríaṫar an ríġ, agus dáontuiġ a ccorp, go naċ ḃfoiġeonaidís agus naċ aiḋeoraidís dée ar bioṫ, aċt a Ndía féin.
Go ndíbeóruid ṫusa ó ḋaóiniḃ, agus go mbiáiḋ do ċoṁnuiḋe a bfoċair ḃeaṫaċ na talṁan, agus do ḃeirid ort féur diṫe mar ḋaiṁ, agus fliucfuid ṫú ré drúċt neiṁe, agus raċfuid seaċt naimsiora ṫort, nó go naiṫniġiḋ tú gur bé an té is ro Airde ríaġlas a rioġaċt na ndaóine, agus do ḃeir í don té is áill leis.
Atá duine ann do rioġaċd, iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa; agus a láeṫiḃ haṫar, fríṫ solus agus tuicse agus eagna ann, cosṁuil ré heagna na ndée; noċ dá ndéarna an ríġ Nebuċadnessar haṫair, an ríġ, a deirim, haṫair, maiġistir ar na draóiṫiḃ, air na hastroluiġṫiḃ, air na Caldeánaċaiḃ, agus air na faistineaċaiḃ;