Giḋ bé ar bioṫ uáir do cluinfiḋe an buáḃall dá ṡéideaḋ, an fiúit, an ċláirseaċ, sacbut, psaltair, dulcimer, agus a nuile ṡórt ceóil, go nuiṁleoċṫaói síos agus go naḋarṫaói a níoṁáiġ órḋa do ċuir Nebuċadnessar an ríġ súas:
Uimesin an tan, do ċúaluiḋ an pobal uile fuáim an ḃuaḃuill, na flúite, na cláirsiġe, na psaltraċa, sacbut, agus a nuile ṡórt ceóil, do léig na huile ḋaoine, críoċa, agus teangṫa, síos íad agus do aḋradar a níoṁáiġ orḋa do ċuír Nebuċadnessar an ríġ súas.
Annsin ṫáinic sé a ḃfogus do náit ar ṡeas mé: agus a nuáir ṫáinic sé, do ḃí mé eaglaċ, agus do ṫuit mé air maġaiḋ: aċt a dúḃairt seision riom, Tuig, a ṁic an duine: óir is a ndeireaḋ na haimsire ḃías a naisling.
Agus ar mbeiṫ do ṡagurt Iupiter, as coṁair a gcaiṫreaċ súd, ar dtaḃairt ṫarḃ agus atán ris ċim na ngeataḋ, bá mian leis íoḋbairt do ḋéunaṁ má ráon ris an bpóbal.
Giḋeaḋ do ḃí súil acasan ré hát dó, nó ré na ṫuitim síos marḃ go hobann: aċd ar mbéiṫ ḋóiḃ a ḃfád ag fuireaḋ, agus naċ ḃfacadar doċar ar biṫ ag teagṁáil dó, ar naṫruġaḋ inntinne, a duḃradar gur día é.
Agus do léigeadar an ceaṫrar air ḟiċid seanóir, noċ do ḃí na suiḋe a ḃfíaḋnuise Dé ann a gcaiṫíreaċuiḃ, íad féin síos ar a naiġṫiḃ, agus tugadar onóir do Ḋía,
Agus do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ ċum a onóruiġṫe. Aċd a duḃairt sé riom, Coiṁéid naċ déuna tú sin: as coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ agá ḃfuil fíaḋnuise Iósa aca: taḃair onóir do Ḋía: óir a sí fíaḋnuise Iósa spiorad na fáiḋeadóireaċda.
Agus mise Eóin an tí do ċonnairc agus do ċúaluiḋ na neiṫese. Agus an tan do ċúala agus do ċonnairc íad, do ṫuit mé síos ċum sléuċdana do ḋéunaṁ a ḃfiaḋnuise ċos a naingil do ḟoillsiġ na neiṫese ḋaṁ.