Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 2:45 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

45 An tionad a ḃfaca tú gur gearraḋ cloċ as a tslíaḃ amaċ gan láṁa, agus gur ḃris sí an tíarann ambloḋuiḃ, an prás, an ċré, an tairgiod, agus an tór; do rad an Día mór a ḟios don ríġ cred ṫiucfas a ccríċ na ḋiaiġso: agus atá a naisling dearḃṫa, agus a cíall daingion.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 2:45
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Na seaċd mbaṫ maiṫe is seáċd mblíaḋna iad; agus na seaċd ndiasa maiṫe, is seaċd mbliaḋna íad; is ionann a naisling.


As é so an ní duḃairt mé re Ṗárao: An ní is áil le Día do ḋéanaṁ atá sé agá ḟoillsiuġaḋ do Ṗarao.


Agus do ċionn gur dúbluiġeaḋ a naisling do Ṗárao fá ḋó; is uime sin gur cinnteaḋ an ċúis lé Diá, agus do ḃéara a ccriċ é go goirid.


Ar a naḋḃarsin atá tú mór, a ṪIĠEARNA Día: agus ní ḃfuil áon cosṁuil riot ann, agus ní ḃfuil Día ann táoḃ amuiġ ḋíotsa, do réir gaċ a ccúalamar rer gclúasaiḃ.


Oir is mór án TIĠEARNA, agus is mór é ré a ṁolaḋ: is roiṁe fós is coír eagla ḃeiṫ ós cionn a nuile ḋée.


Agus dféaċ mé, agus déiriġ mé súas, agus a duḃairt mé ris na huáisliḃ, agus ris na húaċdaranuiḃ, agus ris an ccuid oile don ṗobal, Ná húaṁnuiġṫear siḃ rompa súd: cuiṁnuiġiḋ an TIĠEARNA, atá mór úaṫḃasaċ, agus troidiġ ar son ḃur ndearḃráiṫreaċ, ḃur mac, agus ḃur ninġean, ḃur mban, agus ḃur ttiġṫeaḋ.


Anois ar a naḋḃarsin ó ar Ndíane, an Día mór cuṁaċtaċ, agus úaṫḃásaċ, noċ ċoiṁlíonus cunnraḋ agus trócaire, na míṁeastar ad laṫair an buáiḋreaḋ, noċ ṫáinic oruinne, air ar ríoġuiḃ, air ar bprionnsaḋuiḃ, agus air ar sagartuiḃ, agus air ar ḃfáiġiḃ, agus air ar naiṫriḃ, agus ar do ṗobal uile, ó aimsir ríġ na Hassíria gus a niuġ.


Féuċ, atá Día mór, agus ní ḟeadamairne cía hé, agus ni mó is éidir fios uiḃre a ḃlíaḋan dfaġáil.


Oír ís aiṫne ḋaṁ gur mór an TIĠEARNA, agus go ḃfuil ar TTIĠEARNA ós cionn a nuile ḋée.


Is mór an TIĠEARNA, agus is ionṁolta go ro árraċta; agus ní ḃfuil cúartuġaḋ air a ṁórḋaċt.


Brisfe tú íad lé slait íaruinn; mionḃruiġfir íad iona ccodċuiḃ mar ṡoiġṫeaċ críaḋ.


Is mór an TIĠEARNA, agus is ionṁolta go hanṁór a ccaṫruiġ ar Ndé, slíaḃ a naoṁṫaċda.


Oír is mór an TIĠEARNA, agus is íonṁolta go hiomarcaċ: is ineagla é tair na huile ḋée.


¶ Ar a naḋḃarsin is marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ cuirfiḋ mé cloċ a Sion mar ḃunáit, cloċ ḋearḃṫa, cloċ ṁórluáiġ ċuáinne, bunáit ḋaingean: an té ċreidios ní ḋéana sé deiṫnios.


¶ Uimesin do ċuáiḋ Dániel a steaċ a ccionn Arioċ, noċ dórduiġ an ríġ ċum daóine glioca na Babilóine do scrios: do ċuáiḋ sé agus a duḃairt ris marso; Ná marḃ daóine glioca ná Babilóine: beir misi a steaċ a laṫair an ríġ, agus foillseoċa mé don ríġ an ċiall.


Aċt ata Día ar neaṁ ḟoillsiġeas secréide, agus do ḃeir a ḟios do Nebuċadnessar an ríġ cred ḃías annsna láeṫiḃ deiġionaċa. Isíad so haislingṫe, agus fise do ċinn air do leabuiḋ;


Ar do ṡonsa, a ríġ, ṫangadar do smuaintiġṫeann hinntinn air doleabuiḋ, cred do ṫiucfaḋ a ccríċ na ḋiaiġso: agus an té ḟoillsiġios na secréide do ṫaisbéin sé ḋuitsi cred ṫiucfas ann.


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe.


Agus scriosfa mé caṫaóir rioġaċdaḋ, agus scriosfa mé neart rioġaċdaḋ na ngeinteaḋ; agus teilgfiḋ mé seaċad na carbuid, agus an drong do ní marcuiġeaċd ionta; agus tiucfuid na heiċ agus marcṡluaġ a núas, gaċ áonduine le cloiḋeaṁ a ḋearḃraṫar.


Agus annsa ló sin do ḋeana mé Ierusalem na cloiċ anúaluiġ do nuile ṗobal: géarrfuiġear na ccodċaiḃ gaċ a núaluiġionn íad féin leis, bíoḋ go ccruinneoċaidís daóine na talṁan a ccionn a ċéile na haġaiḋ.


Oír ó éirġe gréine eaḋon go dul síos an céadna biáiḋ mainm mór a measc na Ngeinteaḋ; agus ofrálfuiġear túis dom ainm ann gaċ uile áit, agus ofráil ḟiórġlan: óir buḋ mór mainm a mease na ngeinteaḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Agus ar ḃfreagra Diósa a duḃairt sé ríu, Fíafróċuiḋ misi mar an gcéadna ḋíḃsi ní aíriġṫe, agus dá ninnisdi ḋaṁ é, innéosuiḋ misi ḋáoiḃsi mar an gcéadna cía an tuġdarás ré a ndéanuim na neiṫesi.


Raċuiḋ neaṁ agus talaṁ ṫort, aċd ní raċuid mo ḃríaṫrasa ṫort go bráṫ.


Agus an tan dfiafruiġ na Ṗairisiniġ ḋe, Cía an tráṫ ṫiocfaḋ rioġáċd Dé, do ḟreagair sé iád agus a duḃairt sé, Ní ṫiocfa rioġaċd Dé récoiṁéd.


Oír an TIĠEARNA ḃur Ndía sé Día na ndée é, agus TTIĠEARNA na Ttiġearna, Día mór, cuṁaċdaċ, agus úaṫḃásaċ, naċ bionn meas aige ar ṗearsannuiḃ, agus naċ gaḃann coṁaiḋ:


Sgríoḃ na neiṫe do ċonnairc tú, agus na neiṫe atá ann, agus na neiṫe ṫiucfus na ḋiáiġ so;


Agus do ċonnairc mé aingeal áiriġe na ṡeasaṁ sa ngréin; noċ do éiġ do ġúṫ árd, ag ráḋ ris na huile éunlaiṫ do ḃí ag eitealluiġ a lár neiṁe, Tigiḋ agus cruinniġṫear siḃ ċum suipéir an Dé ṁóir;


Na ḋiaiġ so do ḟéuċ me, agus, féuċ, doras fosguilte ar neaṁ: agus an céud ġúṫ do ċúaluiḋ mé, mar ḟuáim sduic ag laḃairt riom; ag ráḋ, Gaḃ a níos ann so, agus foillseóċad ḋuit na neiṫe as éigean do ḋéunaṁ na ḋiáiġ so.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ