Agus aṁuil do ċonnairc tú na cosa agus na méir, cuid do ċriáiḋ an ṗotadóra, agus cuid díarann, roinnfiġior an rioġaċd; aċd biáiḋ inte do neart a níaruinn, an tionad iona ḃfaca tú an tíarann camaisce lé criáiḋ ṡuáite.
Agus an tionad a ḃfaca tú an tíarann cumaiscṫe lé criaiḋ láibe, cumaiscfid síad íad féin lé slioċd daóine: naċ greamaċuiḋ aon díoḃ ḋá ċéile, aṁuil naċ greamoċuiḋ íarann cumaisce lé criáiḋ.
Agus is deiċ ríġṫe na deiċ náḋarca éireoċus as an rioġaċd so: agus éireoċuiḋ ríġ oile na ndiaiġ; agus buḋ éaccosṁuil ón ċéid ríġ é, agus claóiḋfiḋ sé trí ríġṫe.
Agus do ṡeas mé air ġaineaṁ na mara, agus do ċonnairc mé ainṁiḋe ag éiriġe as an ḃfairrge, air a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca, agus deiċ gcorónaċa ar a aḋárcuiḃ, agus ainm blaisṗéime air a ċeannuiḃ.