Daniel 2:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)4 Annsin do laḃair na Caldeánuiġ ris an ríġ a Síriac, A ríġ, mair go bráṫ; innis dot ṡeirḃiseaċuiḃ a naisling, agus foillseoċaimne an ċíall duit. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
¶ Ann sin do ḃí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na ċrioṫnuġaḋ ar feaḋ uáire, agus do ḃuáiḋriodar a smuáintiġṫe é. Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt, A Ḃeltesassar, na buáiḋreaḋ a naisling, nó a cíall ṫú. Do ḟreagair Belltesassar, agus a duḃairt, A ṫiġearna, bíoḋ a naisling don druing ḟúaṫuiġios ṫú, agus a cíall dot naiṁdiḃ.
Do ċoṁairliġiodar uile úaċdaráin na rioġaċda, na riaġlóiriġ, na prionnsaḋa, na coṁairliġ, agus na caiptíniġ lé ċéile, statúid ríoġaṁuil do ḋaingniuġaḋ, agus órduġaḋ daingion do ḋéanaṁ, giḋ bé íarrfas aṫċuinge ar bioṫ air Ḋía air biṫ nó air ḋuine air feaḋ tríoċad lá, aċt ortsa, a ríġ, a ṫeilgion a núaiṁ na leoṁan.