Noċ a deir ar Ċírus, Sé máoḋaire é, agus coiṁlionfuiḋ mfonn uile: eaḋon ḋá ráḋ re Hierusalem, Cuirfiġear súas ṫú; agus rís an tteampall, Cuirfiġear do ḃunáit fúd.
Annsin a duḃairt sé, An ḃfeadair tú cred fa ttáinic misi ad ċoinne? agus anois fillfiḋ mé do ṫroid ré prionnsa na Persia: agus an tan raċfus mé amaċ, féuċ, tiucfuiḋ prionnsa na Gréige.
Agus gioḋ bé áit a naitriġid clann na ndaóine, beaṫuiġ na talṁán agus éunláiṫ neiṁe ṫug sé ad láiṁsi íad, agus do rinne sé úaċdarán díot os a ccionn uile. Is tú an ceann óirsi.
Agus biáiḋ an ceaṫraṁaḋ rioġaċt láidir aṁuil íarann: óir brisiḋ an tíarann agus claóiḋiḋ a nuile ní: agus aṁuil ḃrisios an tíarann íad so uile, brisfiḋ fós agus brúiḋfiḋ é.
Is marso a dúḃairt sé, Buḋ é an ceaṫraṁaḋ beaṫaċ an ceaṫraṁaḋ ríoġaċd air an ttalaṁ, noċ ḃías éagsaṁuil ó nuile rioġaċd, agus sluigfiḋ sé an talaṁ go hiomlán, agus sailteoruiḋ sé síos é, agus brisfiḋ a mbloḋuiḃ é.