38 Agus gioḋ bé áit a naitriġid clann na ndaóine, beaṫuiġ na talṁán agus éunláiṫ neiṁe ṫug sé ad láiṁsi íad, agus do rinne sé úaċdarán díot os a ccionn uile. Is tú an ceann óirsi.
An ḃriaṫar ṫáinic go Ieremiah ón TTIĠEARNA, a núair do ṫroid Nebuċadnessar ríġ na Babilóine, agus a ṡlúaġ uile, agus rioġaċta an doṁuin uile ḋa ṫiġearnus, agus a nuile ṗobal, a naġaíḋ Ierusalem, agus a naġáiḋ a huile ċaiṫreaċa, ġa ráḋ,
Agus ṫug an Tiġearna Iehoiacim ríġ Iudah iona láiṁ, maille le cuid do ṡoiṫiġiḃ ṫiġe Dé: noċ rug sé go tír Ṡinár go tiġ a ḋé féin; agus rug sé na soiġṫiġe go tiġ ionnṁuis a ḋé.
Do ċonnairc misi Nebuċadnessar ríġ a naislingse. Anois ṫusa, a Ḃeltesassar, foillsiġ a cíall, mar naċ ḃfeaduid uile ḋaóine glioca mo rioġaċda a cíall dfoillsiuġaḋ: aċt féaduiġ tusa é; óir atá spiorad na ndée náoṁṫa ionnad.
Do ḃí an ċead aṁuil leoṁan, agus do ḃádar sciaṫáin iolair air: agus dfeaċus no gur ṫairngeaḋ a sciaṫain, do tógḃaḋ súas ón ttaláṁ é agus tugaḋ air seasaṁ air na cosaiḃ aṁuil duine, agus tugaḋ croiḋe duine ḋó.