Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 2:37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Ṫusa, a ríġ, atair ad ríġ ós ríoġuiḃ: óir ṫug Día neiṁe ḋuit rioġaċt, cuṁaċt, agus neart, agus glóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 2:37
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír do ḃí tiġearnas aige ós cionn na tíre uile don táoiḃse don naḃuin, ó Ṫiṗsah air fad go Hassah, ós cionn na ríoġ uile don táoiḃse don naḃuinn: agus do ḃí sióṫċaín aige ann gaċ uile ṫaoḃ na ṫimċioll.


Agus do laḃair sé go cinéulta ris, agus do ċuir a ċaṫaóir ríoġa ós cionn ċaṫaóireaċ ríġṫe oile do ḃí na ḟoċaír a Mbabilóin;


Is marso a deir Círus ríġ na Persia, Ṫug an TIĠEARNA Día niṁe uile rioġaċta na talṁan daṁsa, agus do ċuir do ċúram orm tiġ do ḋéanaṁ ḋo ann Ierusalem, noċ atá ann Iúdah. Cía ta ḃur measc da ḋaoiniḃ uile? Go raiḃ a ṪIĠEARNA Día maille ris, agus imṫiġeaḋ sé suás.


Is marso a deir Círus ríġ na Persia, Ṫug an TIĠEARNA Día niṁe ḋaṁsa uile rioġaċta na talṁan; agus do ċur sé do ċúram orm tiġ do ḋéanaṁ ḋó ann Ierusalem, noċ atá an Iúdah.


Artacsercses, ríġ na ríoġ, ċum Esra an sagart, scriḃneóir ḋliġe Dé neiṁe, síoṫċain iomlán, agus annsa namsin.


Do laḃair Día aonuáir; fá ḋó ċúala mé so; gur ré Día ḃeanas cuṁaċda.


Is tríomsa ríoġaid na ríġṫe, agus órduiġid prionnsuiġe ceart.


Oír a deir sé, Naċ ḃfuilid mo ṗrionnsoiḋe ṫríd amaċ na ríġṫiḃ?


Suiḋsi ad ṫoċd, agus imṫiġ roṁad a ndorċadus, a inġean na Ccaildéanaċ: óir ni goirfiġear, Baintiġearna rioġaċtaḋ ḋíot ní sa ṁó.


Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Do ċur mé cuing íarruinn ar ṁuinéal na gcineaḋaċso uile, ċor go noirfid do Nebuċadnessar ríġ na Babilóine; agus foiġeonuid dó: agus fós ṫug mé beaṫuiġ na maġa ḋó.


An ḃriaṫar ṫáinic go Ieremiah ón TTIĠEARNA, a núair do ṫroid Nebuċadnessar ríġ na Babilóine, agus a ṡlúaġ uile, agus rioġaċta an doṁuin uile ḋa ṫiġearnus, agus a nuile ṗobal, a naġaíḋ Ierusalem, agus a naġáiḋ a huile ċaiṫreaċa, ġa ráḋ,


¶ Oir is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, do ḃéara mé air Ṫírus Nebuċadressar ríġ na Babilóine, ríġ na ríoġ, ón tuaisceart, maille re heaċaiḃ, agus re carbaduiḃ, agus re marcṡlúaġ, agus le coiṁṫionól, agus le mórán daóine.


Agus ṫug an Tiġearna Iehoiacim ríġ Iudah iona láiṁ, maille le cuid do ṡoiṫiġiḃ ṫiġe Dé: noċ rug sé go tír Ṡinár go tiġ a ḋé féin; agus rug sé na soiġṫiġe go tiġ ionnṁuis a ḋé.


¶ Do ċonnaire tusa, a ríġ, agus feaċ íoṁaiġ ṁóir. Do ṡeas a nioṁáiġ ṁorso, noċ ar ḃoirḋeirc a dealraḋ, as do ċoinne; agus dob imeaglaċ a dealḃ.


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


¶ Ann sin do ḃí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na ċrioṫnuġaḋ ar feaḋ uáire, agus do ḃuáiḋriodar a smuáintiġṫe é. Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt, A Ḃeltesassar, na buáiḋreaḋ a naisling, nó a cíall ṫú. Do ḟreagair Belltesassar, agus a duḃairt, A ṫiġearna, bíoḋ a naisling don druing ḟúaṫuiġios ṫú, agus a cíall dot naiṁdiḃ.


Is tusa é, a ríġ, dfás agus ṫáinic ċum ḃeiṫ láidir: óir dfás do ṁéid, agus ráinic go neaṁ, agus do ṫiġearnas go críċ na talṁan.


Go ndíbeóruid ṫusa ó ḋaóiniḃ, agus go mbiáiḋ do ċoṁnuiḋe a bfoċair ḃeaṫaċ na talṁan, agus do ḃeirid ort féur diṫe mar ḋaiṁ, agus fliucfuid ṫú ré drúċt neiṁe, agus raċfuid seaċt naimsiora ṫort, nó go naiṫniġiḋ tú gur bé an té is ro Airde ríaġlas a rioġaċt na ndaóine, agus do ḃeir í don té is áill leis.


Cread méad a ċoṁarṫaḋa! agus créad cuṁaċduiġ a iongantaḋ! is rioġaċt ṡíorruiḋe a rioġaċt, agus atá a ṫiġearnus ó ġinealaċ go ginealaċ.


Agus díbeoruid síad ó ḋaoiniḃ ṫú, agus biáiḋ háitreaḃ a ḃfoċair ḃeaṫaċ an ṁaċaire: do ḃéuruid ort féur diṫe aṁuil daiṁ, agus raċuid seaċd naimsiora ṫort, nó go raiḃ a ḟios agad gur bé an té is ro Airde ríaġlus a rioġaċd na ndaóine, agus go ttugann í don té da ttogrann féin.


Agus a ccionn na láeṫeaḋsin misi Nebuċadnessar do ṫóig mé súas mo ṡúile ċum neiṁe, agus dfill mo ṫuigsi ċugam, agus do ḃeannuiḋ mé an té is ro Airde, agus do ṁol mé agus donóruiġios an té ṁairios go bráṫ, noċ ar tiġearnus síorruiġe a ṫiġearnus, agus agá ḃfuil a rioġaċd ó ġinealaċ go ginealaċ:


Ṫusa a ríġ, ṫug an Día is ro áirde dot aṫair Nebuċadnessar rioġaċd, agus morḋaċd, agus glóir, agus onóir:


Agus tugaḋ tiġearnas, agus glóir ḋó, agus rioġaċt, ċor go ḃfoġnaḋ a nuile ṗobal, cineaḋ, agus teángṫa ḋó: is tiġearnas síorruiḋe a ṫiġearnas, naċ niomeoċaiḋ ṫort, agus sí a rioġaċt naċ díoġḃáiġfiġear.


A seaḋ, bíoḋ gur ḟostadar a measc na ccineaḋaċ, a nois cruinneoċa misi íad, agus do ḋéanuid beagán doilġis ar son úaluiġ ríġ na bprionnsaḋ.


Agus na léig sinn a ccaṫuġaḋ, aċd sáor inn ó olc: Oir is leaċd féin an ríoġaċd, agus an ċúṁaċd, agus an ġloír, go siórruiġe. Amen.


Do ḟreaguir Iósa, Ní ḃíaḋ cuṁaċda ar biṫ agad oramsa, muna dtugṫáoi ḋuit ó neaṁ é: ar a naḋḃarsin as móide peacaḋ an té do ṫoirḃir misi ḋuit.


Agus ó Iósa Críosd, an ḟíaḋnuisí ḟíre, an ċéidġin ó ṁarḃuiḃ, agus prionnsa ós ríoġuiḃ na talṁan. An tí do ġráḋuiġ sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacaḋuiḃ ré na ḟuil féin,


Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic.


Agus do ḃí ainm sgríoḃṫa aige air a éudaċ agus air a ṡlíasaid, RI NA RIĠṪEAḊ, AGUS TIĠEARNA NA DTIĠEARNAḊ.


As fíu ṫú, a Ṫíġearna, glóir, agus onóir, agus cúṁaċda dfaġáil: óir as tú do ċruṫuiġ na huile neiṫe, agus as tré do ṫóilse atáid agus do crúṫuiġéaḋ íad.


Ag ráḋ do ġúṫ árd, As fíu an Túan do ṁarḃaḋ cúṁaċda, agus saíḋḃrios, agus éagna, agus neart, agus onóir, agus glóir, agus molaḋ dfaġáil.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ