Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 2:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Dféuċ tú no gur gearraḋ cloċ amaċ gan láṁa, noċ ler buáileaḋ a níoṁáiġ air a cosaiḃ do ḃí díarann agus do ċriáiḋ, agus do ḃris na mbloḋuiḃ íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 2:34
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An ċloċ do ḋíultadar na saóir sí atá ar ndéanaṁ na ceann san gcuáine.


¶ Ar a naḋḃarsin is marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ cuirfiḋ mé cloċ a Sion mar ḃunáit, cloċ ḋearḃṫa, cloċ ṁórluáiġ ċuáinne, bunáit ḋaingean: an té ċreidios ní ḋéana sé deiṫnios.


Oír an cineaḋ nó an rioġaċt naċ ḃfoiġeonuiḋ ḋuit sgriosfuiġear é; fáiseaċṫar fós; na cineadaċa sin uile.


¶ Cruinniġiḋ siḃ féin, a ṗobal, agus brisfiġṫear siḃ a mbloḋuiḃ; agus tugaiḋ éisteaċd, siḃse uile as críoċaiḃ imċíana: criosluiġiḋ siḃ féin, agus brisfiġṫear a mbloḋuiḃ siḃ; criosluiġiḋ siḃ féin, agus brisfiġṫear siḃ a bpíosuiḃ.


Biáiḋ tusa fós, briste a lár na druinge gan timċillġearraḋ, agus luiġfiḋ tú a ḃfoċair an luċta atá marḃ leis an ccloiḋioṁ.


Na ḋiáiġsin do ṫoṁais sé míle; agus do ḃí na ṡruṫ naċ ar ḟéud mé dul ṫairis; óir déirġeadar na huisgeaḋa, uisgeaḋa do ṡnáṁ ionta, aḃuinn nár ḃféidir dul ṫairse.


A cosa díarann, a troiġṫe cuid na níarann agus cuid na ccríaiḋ.


Agus béarṫar an rioġaċd agus an tiġearnas, agus mórḋaċd na rioġaċda faói neaṁ go hiomlán, do ṁuinntir náoṁ an té is ró Aírde, noċ ar rioġaċd síorruiḋe a rioġaċt, agus fóiġeonuid agus uiṁleoċuid a nuile ṫiġearnas dó.


Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe.


Agus annsa ló sin do ḋeana mé Ierusalem na cloiċ anúaluiġ do nuile ṗobal: géarrfuiġear na ccodċaiḃ gaċ a núaluiġionn íad féin leis, bíoḋ go ccruinneoċaidís daóine na talṁan a ccionn a ċéile na haġaiḋ.


Annsin do ḟreagair seision agus do laḃair sé riomsa, ag ráḋ, Ise so briaṫar an TIĠEARNA re Serubbabel, ag ráḋ, Ní lé slúaġ, nó lé cuṁaċdaiḃ, aċt lé mo spioraidse, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi ṫóigeaḃus misi méagluis féin; agus naċ béaruid geatuiḋe ifeirn búaiḋ uirrṫe.


Naċ ḃfuil ar na ngeineaṁain ó ḟuil, ná ó ṫoil na colla, ná ó ṫoil fir aċd ó Ḋía.


A sí so an ċloċ úd do ḃí fá neiṁċion aguiḃse a ṡáora, dá ndearnaḋ ceann an ċuáinne.


Oir atá a ḟios aguinn dá sgaóiltear ó ċéile ar dtiġ talṁuiḋe na boiṫesi, go ḃfuil áitreaḃ aguinn ó Ḋía, tiġ nar tógḃaḋ ré láṁuiḃ, marṫanaċ air neaṁ.


Oír ní ḋeaċuiḋ Críosd a steaċ don naóiṁiosdaḋ do rinneaḋ ré láṁuiḃ, noċ bá heisiompláir do na hiosdaḋuiḃ fírinneaċ; aċd go flaiṫeaṁnas féin, ċum é féin do ṫaisbéunaḋ a nois a ḃfíaḋnuise Dé air ar soinne:


Ar a naḋḃarsin atá sí na honóir ḋíḃse agá ḃfuil creideaṁ: aċd don druing atá easúṁal, don ċloiċ úd do ḋíultadar na saóir, do rinneaḋ cloċ ċin an ċuáinne,


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ