Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad.
Agus a duḃairt Ṗárao re Ióseṗ, Do ċonnairc mé aisling, agus ní ḃfuil neaċ ḟéadus a heidirṁíniuġaḋ: agus do ċúala me teaċd ortsa, go ttuigeann tu aisling ċum a heidirṁíniġe.
Agus tárla air maidin go raiḃ a spiorad buaiḋearṫa; agus do ċuir fios, agus do ġoir ar ḋráoiṫiḃ na Hégipte uile, agus ar a ḋaóiniḃ críonna: agus do innis Ṗárao a aisling ḋóiḃ; aċ níor fríṫ áonduine do inneosaḋ a ccíall do Ṗárao.