28 Aċt ata Día ar neaṁ ḟoillsiġeas secréide, agus do ḃeir a ḟios do Nebuċadnessar an ríġ cred ḃías annsna láeṫiḃ deiġionaċa. Isíad so haislingṫe, agus fise do ċinn air do leabuiḋ;
Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad.
Agus do ġoir Iacob ar a ṁacaiḃ, agus a duḃairt, Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, nó go ninneosa mé ḋáoiḃ cread ṫeigeaṁus daóiḃ sna láeṫiḃ deiġionaċa.
Agus tiucfa a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaiġ na slíaḃ, agus go ttóigfear ós cionn na ccnoc é; agus riṫfiḋ a nuile ċineaḋ ċuige.
Cía ar naċ bía heaglasa, a Ríġ na ccineaḋaċ? óir is riotsa ḃeanas sin: do ḃríġ naċ ḃfuil áon a measc uile ḋaóine críonna na gcineaḋaċ, agus iona rioġaċtuiḃ uile, cosṁuil riotsa.
Agus tiucfa tú a níos a naġaiḋ mo ṗobail Israel aṁuil néull dfolaċ na talṁan: annsna láeṫiḃ deiġnioċa ḃías sé, agus do ḃéara misi ṫú a naġaiḋ mo ḋúiṫċe, ċor go mbía a ḟios ag na geintiḃ, an tan náoṁṫeaċṫar ionnadsa mé, a Ġog, as coinne a súl.
¶ A ndiáiġ ṁóráin láeṫeaḋ ionnsoċṫar ṫú: annsna bliaḋnuiḃ déiġneoċa tiucfa tú don tír tugaḋ ar ais ón ccloiḋeaṁ, agus do cruinniġeaḋ as mórán daóine, a naġaiḋ sleiḃte Israel, noċ do ḃí a ccoṁnuiḋe na ḃfásaċ: aċt tugaḋ amaċ as na cineaḋaċaiḃ é, agus áitreoċuid síad uile go daingion.
Agus fuáir an ríġ íad ní buḋ féarr deiċ nuáire náid na draóiṫe agus na hastroluiġṫe úile da raiḃ ann a rioġaċdaiḃ uile, annsna huile ċúisiḃ eagna agus tuicsiona, dar ḟíafruiġ sé ḋíoḃ.
Go níarradaois grása ar Ḋía neiṁe a ttáoḃ na secréidesi; ċor naċ báiseoċaiḋ Dániel, nó a ċompánuiġ maille ris an ccuid oile do ḋaóiniḃ ġoca na Babilóine.
Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.
An tionad a ḃfaca tú gur gearraḋ cloċ as a tslíaḃ amaċ gan láṁa, agus gur ḃris sí an tíarann ambloḋuiḃ, an prás, an ċré, an tairgiod, agus an tór; do rad an Día mór a ḟios don ríġ cred ṫiucfas a ccríċ na ḋiaiġso: agus atá a naisling dearḃṫa, agus a cíall daingion.
Do ḟregair an ríġ do Ḋániel, agus a duḃairt, Is dearḃ, gur Día na ndée ḃur Ndíasa, agus Tiġearna ar ríoġuiḃ, agus foillsiṫeaċ secréideaḋ, ó dfeud tusa an tseicréidse dfoillsiuġaḋ.
Na ḋiáiġ sin fillfid clann Israel, agus íarrfuid an TIĠEARNA a Ndía, agus Dáiḃi a ríġ; agus biáiḋ eagla an TIĠEARNA orra, agus a mbaiṫeasa annsna laéṫiḃ deiġionaċa.
Oír, féuċ, na té ċumas na sléiḃte, agus ċruṫuiġios an ġáoṫ, agus ḟoillsiġios don duine cred is sinúaineaṁ ḋó, do ní dorċadas don ṁaidin, agus ṡaltras a náitiḃ árda na talṁan, isé a ainm, An TIĠEARNA, Día na slóġ.
Agus féuċ, a nois atáim ag dul ċum mo ḋáoine: ar a naḋḃursin, tárr agus foillseoċa mé ḋuit cred do ḋéanuid na dáoinesi red ḋáoiniḃsi annsna laéṫiḃ deiġeanaċa.
Annois ar a naḋḃarsin scríoḃuiḋsi an dánso ḋíḃ féin, agus múiniḋ do ċloinn Israel é: cuiriḋ ann ḃur mḃéuluiḃ é, ċor go mbiáiḋ an dánsa na ḟiaḋnuisi agumsa a naġuiḋ ċloinne Israel.
A nuáir ḃías tú a mḃuaiḋreaḋ, agus ṫiocfas na neiṫesi uile ort, eaḋon annsna laéṫiḃ deiġeanaċa, má ḟiliéann tú ċum an TIĠEARNA do Ḋía, agus go mbía tú uṁal dá ġuṫ;
Taisbeunaḋ Iósa Críosd, noċ tug Día ḋó, ċum na neiṫeann is éigean do ḃeiṫ ann go lúaṫ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ; agus ar gcur ṫeaċdaireaċda úaḋ ré na aingeal dó do ṫaisbéin sé dá ṡearḃḟoġantuiġe Eóin: