25 Annsin rug Arioċ Dániel a ḃfíaġnuise an ríġ maille ré deiṫnios, agus a duḃairt ris marso, Fuáir me duine do ḃraiġdiḃ Iúdah, inneosas don ríġ an ċiall.
Ann sin do ċuir Ṗárao fios, agus do ġoir ar Ióseṗ, agus tugadar léo é go deifreaċ amaċ as an bpríosún; agus do ḃéarr seision é féin, agus do aṫruiġ a ċuluiḋ, agus táinic a steaċ go nuige Ṗárao.
Asíadso clann na proiḃinse, do ċuáiḋ súas as a ndaóirsine, don luċd rugaḋ ar siuḃal, agus noċ rug Nebuċadnessar ríġ na Babiloine ar siuḃal, agus ṫangadar a rís go Hierusalem agus go Iúdah, gaċ áon da ċaṫruiġ féin.
Annsin rugaḋ Dániel a steaċ a laṫair an ríġ. Agus do laḃair an ríġ agus a duḃairt ré Dániel, An tusa an Dániel úd, noċ atá do ċlainn daóirsine Iúdah, noċ ṫug an ríġ mo aṫair as tír Iúduiġe?
Annsin do ḟreagradarsan agus a duḃradar a laṫair an ríġ, Ní ḃfuil suim ag Dániel, noċ atá do ḋaóirsine ċloinne Iúdah, ionnadsa, a ríġ, nó annsa dliġeaḋ do ṡéaluiḋ tú, aċt do ní sé íarratas trí huaire san ló.