23 Buiḋeaċus uáim ḋuit, agus moluim ṫú, a Ḋé maiṫreaḋ, noċ ṫug eagna agus cuṁaċda ḋaṁ, agus dfoillsiġ ḋaṁ anois an ní diarramar ort: óir anois dfoillsiġ tú ḋúinn cúis an ríġ.
Muna ḃeiṫ Día máṫar, Día Abraham, agus eagla Isaac leam, go deiṁin do ċurfeá ar siuḃal a nois mé folaṁ: do ċonnairc Día mo leaṫtrom agus sáoṫar mo láṁ, agus tug aiṫfear ḋuitsi a réir.
Agus tárla a nam ofrála ioḋbarṫa an tráṫnóna, go ttáinic Elias an faíḋ a ḃfogus, agus go nduḃairt sé, A ṪIĠEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, fionntar a niuġ gur tusa as Día a Nisrael, agus gur misi do ṡearḃḟóġantuiġ, agus go ndéarna mé na neiṫese uile ar do ráḋasa.
¶ Uimesin do ḃeannuiġ Dáiḃi an TIĠEARNA a laṫair an ċoṁċruinniġ uile: agus a duḃairt Dáiḃi, Go maḋ beannu ġ ṫú, a ṪIĠEARNA Día Israel ar naṫar, go sáoġal na sáoġal.
Agus a duḃairt sé, O a ṪIĠEARNA Día ar naiṫreaḋ, naċ tusa is Día a bḟlaiṫeaṁnus? agus naċ riaġlann tú ós cionn uile rioġaċt na ngeinteaḋ? agus naċ ḃfuil cuṁaċt agus neart ad láiṁ, iondus naċ éidir déainneaċ cur a taġaiḋ?
Agus a duḃairt Día ós a ċionn so ré Maóisi, Déura tú re clannuiḃ Israel: An TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob, do ċúir misi ċuguiḃ: sé so mainm go bráṫ, agus sé so mo ċuiṁneaċán do nuile ġeinealaċ.
¶ Ar son an ċeaṫrair leanaḃ so, ṫug Día éolus agus ġocus dóiḃ annsa nuile ḟóġluim agus eagna: agus do ḃí tuigsi ag Dániel annsna huile fiosiḃ agus aislingiḃ.
Go níarradaois grása ar Ḋía neiṁe a ttáoḃ na secréidesi; ċor naċ báiseoċaiḋ Dániel, nó a ċompánuiġ maille ris an ccuid oile do ḋaóiniḃ ġoca na Babilóine.
Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ.
Ar a núairsion do ġaḃ gáirdeaċas iona spioraid Iósa, agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas duit a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, trí gur ḟoluiġ tú na neiṫesi ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus glioca, agus gur noċd tú iad do naoiḋeanánuiḃ: a seaḋ, a Aṫair; tré gur ab mar sin do buḋ toil leaċd féin é.
Uime sin do ṫógḃadar an ċloċ don áit a raiḃ an duine marḃ curṫa. Agus do ṫóg Iósa a ṡúile súas, agus a duḃairt sé, A Aṫair, do ḃeirim buiḋeaċus duit do ḃríġ gur éisd tú rium.
Uaḋ so súas ní ġoirfe mé searḃḟoġantuiḋe ḋíḃ, óir ní ḃfuil a ḟios ag an tsearḃḟoġantuiḋ créud do ní a ṫiġearna: aċd do ġoir mé cáirde ḋiḃ; óir na huile neiṫe do ċúaluiḋ mé ó Maṫair, do léig mé a ḃfios ċugaiḃsi.
Taisbeunaḋ Iósa Críosd, noċ tug Día ḋó, ċum na neiṫeann is éigean do ḃeiṫ ann go lúaṫ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ; agus ar gcur ṫeaċdaireaċda úaḋ ré na aingeal dó do ṫaisbéin sé dá ṡearḃḟoġantuiġe Eóin:
Agus a dúḃairt neaċ do na seanóiriḃ riom, Ná guil: féuċ, rug an Leoṁan do ṫreiḃ Iúda, Fréuṁ Ḋáiḃí, buáiḋ air an leaḃar dfosglaḋ, agus ar a ṡeaċd séuluiġiḃ go sgáoileaḋ.