Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, noċ ṫug suáiṁnios da ṗobal Israel, do réir gaċ éinneiṫe dar ġeall sé: ní ḋeaċaiḋ áon ḟocal aṁáin a ḃfaillíġṫe da ġeallaḋ maiṫ uile, noċ do ġeall sé le láiṁ Ṁaóise a ṡearḃḟoġantuiġ.
¶ Agus a duḃairt Dáiḃi ris an ccoṁċruinniuġaḋ uile, Anois molaiḋ ḃur TTIĠEARNA Día. Agus do ḃeannuiḋ an coṁċruinniuġaḋ uile an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ, agus do ċromadar a ccinn síos, agus do onóruiġeadar an TIĠEARNA, agus an ríġ.
Agus an tan do rinne sé coṁairle ris an bpobal, dórduiġ sé aos ceóil don TIĠEARNA, agus do ṁolfaḋ sciaṁ na naoṁṫaċda, a núair do raċaidís amaċ as coinne an tsloíġ, agus a ráḋ, Moluiḋ an TIĠEARNA; oír maíriḋ a ṫrócaire go bráṫ.
Annsin a duḃradar na Leḃitiġ, Iessua, agus Cadmíel, Báni, Hasabniah, Serebiah, Hodiiah, Sebaniah, agus Petahiah, Seasuiḋ súas agus beannuiġ ḃur TIĠEARNA Día a sáoġal na saoġal: agus go maḋ beannuiġ hainm glórṁar, noċ atá ár nárduġaḋ ós cionn gaċ uile ḃeannuiġṫe agus ṁolta.
Mór a ccoṁairle, agus cuṁaċtaċ a ngníoṁ, (óir atáid do ṡúile oscuilte ar uile ṡliġṫiḃ ṁac na ndaóine: do ṫaḃairt do gaċ áonduine do réir a sliġṫeaċ, agus do réir ṫoruiḋ a ngníoṁ:)