18 Go níarradaois grása ar Ḋía neiṁe a ttáoḃ na secréidesi; ċor naċ báiseoċaiḋ Dániel, nó a ċompánuiġ maille ris an ccuid oile do ḋaóiniḃ ġoca na Babilóine.
Do bféider go tteisteaḃuiḋ cúigear don ċáogad firéun: an sgriosfa tú an ċaṫair uile ar son easḃuiḋ cúigir? Agus a duḃairt seision, Má ġeiḃim cúigear agus dá ḟiċid ann, ní sgriosfa mé í.
Do bféidir go ccluinfeaḋ an TIĠEARNA do Ḋíase bríaṫra Rabsáceh, noċ do ċuir ríġ na Hassíria a ṁaiġistir do ṁasIuġaḋ an Dé ḃí, agus go naiṫḃeoruiḋ sé na bríaṫra do ċúala an TIĠEARNA do Ḋíase: uímesin tóg súas hurnaiġ ar son a nfuiġill do fágḃaḋ.
Buiḋeaċus uáim ḋuit, agus moluim ṫú, a Ḋé maiṫreaḋ, noċ ṫug eagna agus cuṁaċda ḋaṁ, agus dfoillsiġ ḋaṁ anois an ní diarramar ort: óir anois dfoillsiġ tú ḋúinn cúis an ríġ.
Créd do ċiṫear ḋáoiḃ? Dá mbeiṫ céad cáora ag áonduíne, agus go raċaḋ áonċáora ḋíoḃ ar seaċrán, a né naċ ḃfúigeaḋ sé na náoi gcáoiriḋ déag agus ceiṫre fiċid, agus naċ raċaḋ sé ar na sléiḃṫiḋ, diárruiḋ na cáoraċ do ċúaiḋ air seaċrán?
Agus ar na ġaḃáil dó, do ċuir sé a bpriosún é, ar na ṫaḃairt dá ċoiṁéud do ċeiṫre ċoíriġṫiḃ do ṡaiġdiúiriḃ; ar mbeiṫ fonn ṁar ḋó ar a ṫaḃairt amaċ ċum an ṗóbail a ndiáiġ ná Cásg.
Agus íarruim daṫċuinġe oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré ar Dtiġearna Iósa Críosd, agus ar son ġráḋa na Spioraide, ḃur ndiṫċeall do ḋéunaṁ, ma ráon riom a nurnaiġiḃ ċum Dé ar mo ṡon;
A duḃairt Dáiḃi fós, An TIĠEARNA do ṡáor misi ó croḋ an leoṁuin, agus ó ċroḋ an ṁaṫġaṁuin, sáorfuiḋ sé as láiṁ an Ṗilistiniġsi mé. Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Eiriġ, agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd.