14 ¶ Annsin do ḟreagair Dániel maille ré coṁairle agus re heagna do Arioċ caiptín an ríġ ġárda an ríġ, noċ do ċuáiḋ amaċ do ṁarḃaḋ ḋaóine glioca na Babilóine.
Ann sin rug Nebusar‐adan caiptín an ġárda a mbraiġdionas leis don Ḃabilóin fuiġioll na ndaóine do fágḃaḋ annsa ċaṫruiġ, agus an dream do ċúaḋ do ṫáoḃ, do ṫeiṫ ċuige, maille ris an ccuid oile don ṗobal do ṁair.
¶ Annois annsa ċúigeaḋ mí, annsa deaċṁaḋ lá don ṁí, do bé sin an náoṁaḋ blíaḋain déag do Nebuċadressar ríġ na Babilóine, ṫáinic Nebusaradan, caiptín an ġárda, noċ do ḟrioṫoil do ríġ na Babilóine, go Hierusalem,
¶ Uimesin do ċuáiḋ Dániel a steaċ a ccionn Arioċ, noċ dórduiġ an ríġ ċum daóine glioca na Babilóine do scrios: do ċuáiḋ sé agus a duḃairt ris marso; Ná marḃ daóine glioca ná Babilóine: beir misi a steaċ a laṫair an ríġ, agus foillseoċa mé don ríġ an ċiall.