¶ Uimesin do ċuáiḋ Dániel a steaċ a ccionn Arioċ, noċ dórduiġ an ríġ ċum daóine glioca na Babilóine do scrios: do ċuáiḋ sé agus a duḃairt ris marso; Ná marḃ daóine glioca ná Babilóine: beir misi a steaċ a laṫair an ríġ, agus foillseoċa mé don ríġ an ċiall.
Do ḟreagair an ríġ, agus a duḃairt sé ris na Caldeánaċaiḃ, Dimṫiġ an ní uáimsi: muna ttuġṫaóise fios na haislinge ḋuṁsa, maille re na ċeill, gearrfuiġear a bpiosuiḃ siḃ, agus do ḋéantar cárn aóiliġ dá ḃur ttiġṫiḃ.
¶ Annsin do ḃí Nebuċadnessar lán do ċúṫaċ, agus daṫruiġ dealḃ a aiġṫe a naġuiḋ Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego: uimesin do laḃair sé, agus do aiṫin sé a nfuirnis do ṫéaġaḋ seaċdnuáire ní is mó ná mar cleaċdaoi a téaġaḋ.
Agus do ḃríġ na mórḋaċda ṫug sé ḋó, do ċrioṫnuiġiodar a nuile ṗobal, cineaḋaċa, agus teangṫa, agus do ḃí eagla orra roiṁe: do ṁarḃaḋ sé an té do ṫograḋséféin; do ċongṁaḋ sé beo an tí do ṫograḋ sé; agus do ċuireaḋ sé súas an tí ṫograḋ; agus do ċuireaḋ sios an tí do báill leis.
Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ.
Aċd a deirimsi riḃ, Gaċ neaċ do ní fearg re na ḋearḃráṫair gan aḋḃar buḋ cionntaċ don ḃreiṫeaṁnus é: agus gíoḋ bé neaċ a déaruiḋ ré na ḋearḃráṫair, Raca, buḋ cionntaċ do ḃreiṫ na coṁairle é: agus gioḋ bé a déaruiḋ, A amadain, buḋ cionntaċ é do ṫeiniġ ifeirn.