Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 12:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus a duḃairt áon ris an ḃfear a néadaċ lín, noċ do ḃí air uisceaḋuiḃ na haḃann, Gá fad ḃíos go críċ na niongnaḋsa?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 12:6
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḟaicmíd ar ccoṁarṫaḋa: ní ḃfuil áon ḟáiḋ ní as mó: ní mó atá áon agá ḃfuil a ḟios cá fad.


Agus, féuċ, ṫangadar seisior fear ó ṡliġe an ġeata is áirde, noċ atá leaṫ ris an ttuáisceart, agus arm léirsgris ag gaċ áon iona láiṁ; agus do ḃí áonduine iona measg ar na éaduiġaḋ a líneaḋaċ, maille re haḋairc ḋuiḃ scriḃnéora air a ṫáoḃ: agus do ċúadar a steaċ, agus do ṡeasadar ré taóiḃ na haltóra práis.


¶ Ann sin daṁairc misi Dániel, agus, féuċ, do ṡeasadar días oile, áon don taóiḃse do ḃrúaċ na haḃann, agus áon oile don táoiḃ úd do ḃrúaċ na haḃann.


Agus do ċúala mé, aċt níor ṫuig mé: annsin a duḃairt mé, A Ṫiġearna, cred ḃías do ċríċ na ccúiseann so?


¶ Annsin do ċúala mé áon náoṁ ag laḃairt, agus a duḃairt náoṁ oile ris a náoṁ áiriġsin do laḃair, Ga fad ḃías a naisling a ttáoḃ na híoḋbarṫa láeṫeaṁla, agus sáruiġṫe na háonránaċda, do ṫaḃairt aráon na sanctóra agus an tsluáiġ do ṡaltairt faoi ċois?


Agus do ċúala mé gúṫ dúine eidir ḃrúaċaiḃ Ulai, noċ do ġoir, agus a duḃairt, A Ġabriel, taḃair ar an ḃfearso an nfis do ṫuigsin.


Agus ar suiġe ḋó ar ṡlíaḃ na noluiḋeaḋ, do ċúadar a ḋeisciobuil ċuige go prioḃáideaċ, ag ráḋ, Innis dúinne, gá húair ṫiocfuid na neiṫesí ċum criċe, agus créd é coṁarṫa do ṫeaċdasa, agus ḋeiriḋ an tsáoġail?


Innis dúine, gá tráṫ ṫeigéuṁuid na neiṫe so? agus créd é an coṁarṫa ḃías an tan ċrioċnóċṫar na neiṫe so uile?


Ionnus go ndéantáoi a nois follas trés a neagluis éagna éugsaṁuil Dé dúaċdaránuiḃ agus do ċúṁaċduiḃ ar neaṁ,


Dár foillsiġeaḋ, naċ dóiḃ féin aċd dúinne do ḋéunaidís miniosdrálaċd na neiṫeann, atá a nois ar na ḃfoillsiuġaḋ ḋíḃse leis an druing lér seanmóruiġeaḋ an soisgéul díḃ trés an Spiorad náoṁ do cuireaḋ ó neaṁ a núas; na neiṫe is mían ris na haingliḃ ḟaicsin.


Agus tangadar na seaċd naingil amaċ as an dteampoll, agá raḃadar na seaċd bpláġa, umá raiḃ línéudaċ glan deallruiġeaċ, agus íad ar na gcreasrúġaḋ ré creasanuiḃ órrġa a dtimċioll a noċda.


Agus do leanadar slóiġ neiṁe é air éaċuiḃ bána, ar na néuduġaḋ do líneudaċ toġṫa, gléiġeal glan.


Agus do éiġeadar go ġúṫ ard, ag ráḋ, Cá fad ḃías tú, a Ṫiġearna, náoṁṫa ḟírinniġ, gan breiṫeaṁnus do ḃreiṫ agus dioġaltus do ḋéunaṁ ar son ar ḃfolainne ar an druing áitiġeas ar an dtalaṁ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ