Agus ṫáinic fís a niomláin ḋaoiḃsi aṁuil bríaṫar leaḃair atá ar na ṡéalaḋ, noċ do ḃeirid daoine dáon ḃíos foġlomṫa, ġa ráḋ, Léiġ so anois: agus a deir seision, Ní ḟéaduim; óir atá séala air:
Tuilleaṁ oile biáiḋ solus na gealuiḋe mar ṡolus na gréine, agus biáiḋ solus na gréine seaċd‐nuiread, mar ṡolus ṡeaċd lá, annsa ló a gceangoluiḋ an TIĠEARNA súas briseaḋ a ṗobail, agus leiġisfiḋ buille a ċneiḋe.
Rioṫuiḋsi síos agus súas ar feaḋ ṡráideaḋ Ierusalem, agus féuċuiḋ anois, agus bíoḋ a ḟios agaiḃ, agus íarruiḋ iona háitiḃ fairsionga, an ḃfuiġṫí duine, an ḃfuil neaċ do ní breiṫeaṁnus, íarrus a nfírinne; agus do ḃéara misi maiṫeaṁnus ann.
Annsa treas ḃliaḋain do Ċírus ríġ na Persia do foillsiġeaḋ ní do Ḋaniel, (dar bainm Beltesassar;) agus do bfíor an ní, aċt dob ḟada an tam cinte: agus do ṫuig sé an ní, agus fúair sé tuigse na fisi.
Agus múinfiḋ an luċt atá tuigsionaċ a measc na ndaóine mórán: giḋeaḋ tuitfid síad leis an ccloiḋeaṁ, agus leis an lasair, lé daóirsine, agus le millteaċus, mórán do láeṫiḃ.
¶ Agus a naimsir an deiriḋ cnagfuiḋ ríġ an deisceirt é: agus tiucfa ríġ an tuáisceirt iona aġaiḋ aṁuil gáoṫġuáirdéain, le carbaduiḃ, agus le marcṡlúaġ, agus le mórán long; agus raċuiḋ sé a steaċ annsna tiorṫaiḃ, agus do ḃéara sé an tonn ṫársa agus raċuiḋ ṫairis anonn.
Annsin ṫáinic sé a ḃfogus do náit ar ṡeas mé: agus a nuáir ṫáinic sé, do ḃí mé eaglaċ, agus do ṫuit mé air maġaiḋ: aċt a dúḃairt seision riom, Tuig, a ṁic an duine: óir is a ndeireaḋ na haimsire ḃías a naisling.
Agus an tan do laḃradar na seaċd dtóirrniġe a ngoṫanna, do ḃí mé air tí sgrioḃaḋ: aċd do ċualuiḋ mé gúṫ ó neaṁ ag ráḋ riom, Cuir séula air na neiṫiḃ do laḃradar na seaċd dtóirrniġe, agus ná sgríoḃ íad.
Agus do ċonnairc mé ar láiṁ ḋeis an tí do ḃí na ṡuíḋe sa gcaṫaóir, leaḃar sgríoḃṫa don táoiḃ a stiġ agus don táoḃ a muiġ, do daingniġeaḋ ré seaċd séula.