Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 12:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus déallroċuid an drong ṫeagasgas aṁuil loinnir na spéire; agus an drong iompoiġios mórán ċum fíréantaċda aṁuil na réulta go sáoġal na sáoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 12:3
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċoncadar clann Israel aġuiḋ Ṁaóisi, gur ḋeallraiḋ croiceann áġaiḋe Ṁaóise: agus do ċuir Maóisi an folaċ ar aġaiḋ a rís, no go ndéaċuiḋ a steaċ do ċaint ris.


Is crann beaṫa toraḋ a nionraic; agus an té ġnoḋuiġios anmanna is críonna é.


Ġeaḃuiḋ an duine glic oiġreaċt ġlóire: aċt is náire ḃus árduġaḋ do na hamadánuiḃ.


Aċt bí slíġe a nfíréin aṁuil solus lonnraċ, noċ ṡoillsiġios ní sa ṁó agus nísa ṁó go nuige an lá iomlán.


Agus tuilleaṁ fós, do ḃríġ go raiḃ an seanmóntuiġ glic, do ṁúin sé éolus do ġnáṫ don ṗobal; ṫug sé fós aire ṁaiṫ, agus do spíon sé amaċ, agus do ċuir móran seanḟocal a nórduġaḋ.


Do ċífiḋ sé do ṡáoṫar anma, agus biáiḋ sé sásta: lé na éolus ṡáorfas mo ṡeirḃíseaċ fíréanta mórán; óir iomċoruiḋ sé a ccionta.


Aċt da seasaidis ann mo ċoṁairlesi, agus go ttiuḃraidís ar mo ḋaóiniḃ mo ḃriaṫra déisteaċd, annsin dfillfedis íad ó na ndroiċsliġe, agus ó uilc a ngníoṁ.


Agus múinfiḋ an luċt atá tuigsionaċ a measc na ndaóine mórán: giḋeaḋ tuitfid síad leis an ccloiḋeaṁ, agus leis an lasair, lé daóirsine, agus le millteaċus, mórán do láeṫiḃ.


Agus tuitfiḋ cuid don druing ṫuigsionaiġ, dá ndearḃaḋ, dá nglanaḋ, agus dá ndéanaṁ geal, eaḋon go haimsir an deiriḋ: do ḃríġ go ḃfuil sin fós ċum aimsire cinte.


Glanfuiġear mórán, agus do ḋéantar geal, agus deirḃeoċṫar íad; aċt do ḋéanuid na droċḋaoine go holc: agus ní ṫuicfid áon do na ciontaċaiḃ; aċt tuicfid na heagnuiḋe.


Soillséoċaid na fíreanaiġ an tansin mar an ngréin a rioċaċd a Naṫar féin. Gioḋ bé agá ḃfuilid clúasa ċum eisdeaċda, éisdeaġ sé.


Agus a duḃairt Iósa riu, A deirimsi riḃ go deiṁin, An tráṫ ṡuiḋfeas Mac an duine a gcaiṫír a ġlóire féin, go suiḋfiḋ siḃse, do lean misi ann sa naiṫġeineaṁuin mar an gcéadna ar ḋá ċaiṫir ḋéag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel.


Uime sin cía a tá na óglaċ ḟírinneaċ ġlic, noċ do ċuir a ṫiġearna ós cionn a ṁuinntíre, do ṫaḃair bíḋ ḋóiḃ na am féin?


Agus an té ḃeannas glacaiḋ sé túarasdal, agus cruinniġe sé toraḋ ċum na beaṫa marrṫannuiġe: ar ċor go mbía an té ṡíolċuireas agus an té ḃeanus lúaġáireaċ a néinnḟeaċd.


Do ḃí seisean na loċrann lasárrḋa agus ṡolasda: agus do ṫrograḃairsi ar feaḋ tamaill gáirdeaċus do ḋéunaṁ ann a ṡolus.


Agus do ḃadar a neagluis na Hantíoċia faiḋe áiriġe agus luċd teaguisg; mar atá Barnabas agus Siméon da ngoirṫí Niger, ugus Lúcius ó Ċiréne, agus Manahen, coṁalta Ioruáiḋ an tetrarċa, agus Saul.


Do reir ġrás Dé tugaḋ ḋaṁsa, do ċuir mé an ḟonndameint, mar ṁaiġisdir íulṁar oibre, agus tógḃuiḋ neaċ eile obair air. Giḋeaḋ taḃraḋ gaċ áon dá aire cionnus ṫógḃus sé a nobair.


Uime sin tug sé drung áiriġe, na nabsdaluiḃ; agus drung eile, na ḃfaiḋiḃ; agus drung eile, na náoḋairiġiḃ agus na luċd teaguisg;


Oír siḃse dár ċóir ḃeiṫ ḃur luċd teaguisg do réir aimsire, as riaċdanus dáoiḃ a rís sinne ḃir dteagusg a gcéudṫosuiġiḃ ḃréiṫre Dé; agus tárrla ḋiḃ beiṫ sa ríoċdsin gur mó atá bainne duireasḃuiḋ oruiḃ, na bíaḋ láidir.


Agus measuiḋ foíġid ḟada ar Dtíġearna mar ṡlánuġaḋ; aṁuil do sgríoḃ fós ar ndearḃráṫair gráḋaċ Pól ċuguiḃ do réir na heagna tugaḋ ḋó;


Rúindiaṁair na seaċd réult do ċonnairc tú am láiṁ ḋeis, agus na seaċd gcoinnleóir órrġa. A síad na seaċd réulta seaċd naingil na neaglúisiḋiḃ: agus na seaċd gcoinnleóir do ċonnairc tú a síad na seaċd neagluiseaḋa íad.


Marsin a ṪIĠEARNA go gcláoiḋtear do naiṁde uile: aċ bíoḋ an ṁeid ler ḃionṁuin é mar an ngreín a núair éirġios súas iona neart. Agus do ḃí súaiṁnios agan taluṁ ceaṫraċad blíaḋan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ