Mairfid do ḋaóine marḃa, eireoċuid a naóinḟeaċd re mo ċorp marḃsa. Músclaiḋ agus cánaiḋ, a ḋrong ċóṁnuiġios annsa luáiṫreaḋ: óir atá do ḋrúċd mar ḋrúċd luiḃionn, agus teilgfiḋ an talaṁ amaċ na mairḃ.
Agus raċuid síad amaċ, agus féuċfuid ar ċonablaċuiḃ na muinntire do ṗeacuiḋ am aġaiḋsi: óir ni éagfa a bpéist, agus ní múċfuiġear a tteine; agus béid na ngráin do núile ḟeóil.
Aċt atá an TIĠEARNA liomsa mar áon cuṁaċtaċ úaṫḃásaċ: uimesin tuisliġfid luċd minġreama, agus ní ḃéuruid buáiḋ: agus biáiḋ náire ṁór orra; óir ní ḃéuruid síad biseaċ: ní dearmodṫar go bráṫ a milleaḋ síorruiḋe.
Uimesin tairrġir agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, mo ṗobal, foisceola misi ḃur nuáiġe, agus do ḃéara mé oruiḃ teaċt a níos as ḃur nuáiġiḃ, agus do ḃéara mé siḃ go tír Israel.
Fuáisceola mé íad ó ċuṁaċdaiḃ na huáiġe; fuáisceola mé íad ón mbás: Oh a ḃáis, biáiḋ misi am ṗláiġ ḋuit; Oh a uáiġ, biáiḋ mé am scrios duit: foileoċṫar aiṫreaċus óm ṡúiliḃ.
Agus do ċonnairc mé na mairḃ, eidír ḃeag agus ṁór, na seasaṁ a ḃfíaḋnuise Dé; agus do hosglaḋ na leaḃair: agus do hosglaḋ leaḃar eile, eaḋon leaḃar na beaṫa: agus rugaḋ breaṫ ar na ṁarḃaiḃ as na neiṫiḃ do ḃí sgríoḃṫa sna leaḃruiḃ, do réir a ngníoṁarṫaḋ.