Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Má ṡiuḃluiġionn tú ann mo ṡliġṫiḃse, agus má ċoiṁéadann tú mo ċúram, annsin do ḋéana tú breiṫeaṁnus air mo ṫiġ, agus cuiṁdeoċa tú fós mo ċúirtionna, agus do ḃéara mé áite ḋuit do ṡiuḃal na measc só noċ ṡeasas láiṁ riot.
Agus a duḃairt Iósa riu, A deirimsi riḃ go deiṁin, An tráṫ ṡuiḋfeas Mac an duine a gcaiṫír a ġlóire féin, go suiḋfiḋ siḃse, do lean misi ann sa naiṫġeineaṁuin mar an gcéadna ar ḋá ċaiṫir ḋéag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel.
Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, ag guiḋo gaċ uile uair, ionnus go rucasfuiġ gur fiú siḃ dul as ó na neiṫiḃsi uile atá ċum teaċda, agus go seasṁóċaḋ siḃ a ḃfiaḋnuisi Ṁic an duine.
Agus do ċúala mé gúṫ ó neaṁ ag ráḋ riom, Sgríoḃ, Is beannuiġe na mairḃ do ġeiḃ bás sa Dtíġearna feasda: A seaḋ a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda ḋá sáoṫar; agus leanuid a noibreaċa íad.