45 Agus suiḋeoċa sé pailliúin a ṗáláis eidir na fairgiḃ annsa tslíaḃ ġlorṁar náoṁṫa; ṫairis sin tiucfa sé ċum a ċríċe, agus ní ċuideoċuiḋ duine ar bioṫ ris.
Uimesin tiucfa a ccríċ, a nuáir ċrioċnoċus an Tiġearna a obair iomlán ar ṡliaḃ Sion agus ar Ierusalem, dioġoluiḋ mé toraḋ an ċroiḋe uáiḃriġ ar ríġ na Hassiria, agus glóir a raḋairc aird.
Oír a dúḃairt tú ann do ċroiḋe, Eireoċuiḋ mé súas go flaiṫeaṁnus, áirdeoċaiḋ mé mo ċaṫaoir ós cionn réulta Dé: suiġfiḋ mé fós ar ṡlíaḃ an ċoṁċruinniġṫe, ar ṫaoḃuiḃ an tuáisgeirt:
Agus tiucfa a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaiġ na slíaḃ, agus go ttóigfear ós cionn na ccnoc é; agus riṫfiḋ a nuile ċineaḋ ċuige.
Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, go séidfiġṫear stoc mór, agus tiucfuiḋ an drong do ċuáiḋ seaċad a ttír na Hassíria, agus do ḋíbearṫuiġ a ccríċ na Hégipte, agus aḋoruid an TIĠEARNA annsa tslíaḃ náoṁṫa ag Ierusalem.
Iosuiḋ an mactíre agus an túan a ḃfoċair a ċéile, agus íosuiḋ an leoṁan tuiġe mar an ndaṁ: agus buḋ lúaiṫreaḋ beaṫa na naiṫreaċ niṁe. Ní ġoirteoċuid agus ní ṁuirfid ann mo ṡlíaḃ náoṁṫasa uile, a deir an TIĠEARNA.
Agus do ḃéuruid ḃur ndearḃraiṫre uile mar ofráil ċum an TIĠEARNA as gaċ uile ċríċ ar eaċuiḃ, agus a ccarbaduiḃ, agus a ccóistiġiḃ, agus ar ṁúilliġiḃ, agus ar ḃeaṫaċuiḃ lúaṫa, go nuige mo ṡlíaḃ náoṁṫa Ierusalem, a deir an TIĠEARNA, mar ḃeirid clann Israel ofráil a soiġṫeaċ ġlan go tiġ an TIĠEARNA.
Agus fillfiḋ mé ar hais ṫú, agus ní ḟúigfiḋ mé aċt an seiseaḋ cuid díot, agus do ḃéara mé ort teaċt a níos ó na hairdiḃ buḋ ṫuáiġ, agus do ḃéarad ar ṡléiḃtiḃ Israel ṫú:
Aċt an té ṫig na aḋuiġ do ḋéana sé do réir a ṫola féin, agus ní ṡeasfa duine ar bioṫ ris: agus seasfuiḋ sé annsa tír ġlórṁair, noċ scriostar le na láiṁ.
Aċt buáiḋreoċuiḋ sgéulta amaċ as a noirṫear é agus as an ttuáisceart: uime sin raċuiḋ sé amaċ ré cúṫaċ mór daiḋṁilleaḋ, agus do scrios ṁórán ṫrid amaċ.
Annsin do briseaḋ an tíarann, an ċré, an prás, an tairgiod, agus an tór, na ccodċuiḃ a naóinḟeaċd, agus do rínneaḋ ḋoíḃ aṁuil cáiṫ urláir ḃuáilte san saṁraḋ; agus rug an ġáoṫ lé íad, go naċ fríṫ áit ar bioṫ ḋóiḃ: agus do rinneaḋ slíaḃ mór don ċloiċ do ḃuáil a níoṁáiġ, agus do líon sé an talaṁ uile.
Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe.
¶ O a Ṫiġearna, do réir huile ḟíréantaċd, íarruim daṫċuinġe ort, filltear ar ais ṫfearg agus ṫfíoċṁaireaċd ó do ċaṫruiġ Ierusalem, do ṡlíaḃ náoṁṫa: do ḃríġ gurob ar son ar bpeacuiġne, agus ar son éigceart ar naiṫreaḋ, atá Ierusalem agus do ṗobal na scannail do nuile dá ḃfuil gaċa táoḃa ḋínn.
¶ Agus an feaḋ do ḃí mé ag laḃairt, agus ag guiḋe, agus ag adṁáil mo ṗeacuiġ agus peacaḋ mo ṗobail Israel, agus ag cur mo ġearáin a laṫair an TIĠEARNA mo Ḋía ar son ṡléiḃe náoṁṫa mo Ḋé;
Aċt áṫroċa mé a ḃfad uaiḃ slúaġ an tuáisceirt, agus tairreonga mé é go tir ḟoluiṁ ḟásuiġ, gun a aġaiḋ leaṫ ris an ḃfairge ṡoir, agus a ċuid síar ḋe leaṫ ris an ḃfairge is faide amaċ, agus tiucfuiḋ a ḃréuntas súas, agus tiucfuiḋ a ḋroċḃolaḋ súas, do ḃríġ go ndéarnuiḋ sé neiṫe móra.
Agus tincfuid mórán cineaḋaċ, agus a déaruid síad, Tigiḋ, déanam súas go slíaḃ an TIĠEARNA, agus go tiġ Dé Iácob; agus muinfiḋ sé a ṡliġṫe ḋúinn, agus siuḃolum iona ċasánuiḃ: óir raċuiḋ an dliġeaḋ amaċ as Sion, agus briaṫar an TIĠEARNA ó Ierusalem.
Agus biáiḋ annsa ló sin, go raċaid uisceaḋa beóḋa amaċ as Ierusalem; leaṫ ḋíoḃ gus an ḃfairge ṡoir, agus leaṫ ḋíoḃ gus an ḃfairge ṡíar: biáiḋ se annsa tsaṁraḋ agus annsa ngeiṁreaḋ,
An náṁuid do áirduiġeas é féin ós cionn gaċ neiṫe dá ngoirṫear Día, nó do niṫear onóruiġeaḋ; ionnas go súiġfe sé mar Ḋía a dteampoll Dé, ḋá ċur a gcéill gur Día é féin.
Cía bé ḃéuras neaċ ris a mbruid raċuiḋ sé féin a mbruid: cía bé ṁarḃas ré cloíḋeaṁ is éigean é féin do ṁarḃaḋ ré cloíḋeaṁ. Is ann so atá foiġid agus creideaṁ na náoṁ.
Agus do ċúadar súas ar leiṫead na talṁan, agus do ṫimċiolladar campa na náoṁ, agus an ċaiṫair ionṁuin: agus táinic teine a núas ó neaṁ ó Ḋía, agus do ṡluig sí íad.