44 Aċt buáiḋreoċuiḋ sgéulta amaċ as a noirṫear é agus as an ttuáisceart: uime sin raċuiḋ sé amaċ ré cúṫaċ mór daiḋṁilleaḋ, agus do scrios ṁórán ṫrid amaċ.
Agus corroċṫar ríġ an deisceirt le feirg, agus tiucfa amaċ agus troidfiḋ ris, eaḋon lé ríġ an tuáisceirt: agus cuirfiḋ sé slúaġ mór amaċ; aċd do ḃéarṫar an slúaġ iona láiṁ.
¶ Oír tiucfuid longa Ċittim na aġaiḋ: uimesin biáiḋ sé doilġiosaċ, agus fillfiḋ sé, agus biáiḋ fearg air a naġaiḋ an ċunnarṫa náomṫa: marsin féin do ḋéana sé; eaḋon fillfiḋ sé, agus do ġeaḃa sé sgéala maille ris an ndruing ṫréigios an cunnraḋ náoṁṫa.
Aċt biáiḋ cuṁaċt aige ós cionn na nionnṁus óir agus airgid, agus ós cionn uile neiṫe mórlúaiġ na Hégipte: agus béid na Líbianuiġ agus na Hétíopiġ air a ccoiscéimiḃ.
Agus suiḋeoċa sé pailliúin a ṗáláis eidir na fairgiḃ annsa tslíaḃ ġlorṁar náoṁṫa; ṫairis sin tiucfa sé ċum a ċríċe, agus ní ċuideoċuiḋ duine ar bioṫ ris.
Agus do ḋóirt an seiseaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ sa naḃuinn ṁóir Euṗrátes; agus do ṫiormuiġ a huisge, ionnus go mbíaḋ an tsliġe réiḋ ag ríoġuiḃ na háirde ṡoir.