41 Raċuiḋ sé mar an ccéadna a steaċ don dúṫaiġ ġlórṁair, agus claoiḋfiġear mórán: aċt raċaid so as ó na láiṁ, Edom, agus Moab, agus toġa ċloinne Ammon.
Egipt, agus Iúdah, agus Edom, clann Ammon, agus Móab, agus a núile ḋúine da ḃfuil annsna brúaċuiḃ imċíana, áitreaḃas annsa ḃfásaċ: óir atáid na cineaḋaċa uile neiṁṫimċillġéarrṫa, agus tiġ Israel uile gan tímċillġearraḋ annsa ccroiḋe.
Aċt an té ṫig na aḋuiġ do ḋéana sé do réir a ṫola féin, agus ní ṡeasfa duine ar bioṫ ris: agus seasfuiḋ sé annsa tír ġlórṁair, noċ scriostar le na láiṁ.
Agus suiḋeoċa sé pailliúin a ṗáláis eidir na fairgiḃ annsa tslíaḃ ġlorṁar náoṁṫa; ṫairis sin tiucfa sé ċum a ċríċe, agus ní ċuideoċuiḋ duine ar bioṫ ris.